Domhnall Ó Lubhlaí marbh

Foilsiú: Márta 23, 2013 le

10



Fuair Domhnall Ó Lubhlaí bás i Muileann gCearr Dé Céadaoin na seachtaine seo, 20 Márta 2013.

Maitear go forleathan go ndearna Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis ar na “céadta” buachaillí sna déaga, éigniú san áireamh.

Domhnall Ó Lubhlaí

Domhnall Ó Lubhlaí

Maitear gur tharla na hionsaithe seo agus Ó Lubhlaí ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge i Ros Muc agus ar chúrsaí de chuid Choláiste na bhFiann.

Ní bhfuarthas ciontach riamh é as aon chúis a bhain leis na líomhaintí seo áfach.

Bhí Ó Lubhlaí sa chúirt 13 bliain ó shin i dtaca le cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis a bhaint as páiste ach scriosadh amach na cúiseanna seo.

Shéan sé na líomhaintí i gcónaí.

Tá cuntas twitter bunaithe faoi ainm s’aige féin, treoraíonn sé sin an léitheoir chuig suíomh idirlín, ‘Domhnall Ó Lubhlaí: death of a pedophile’ [BAINTE AR CHUINSÍ DLÍ].

Tá sé á mhaoímh ag an scríbhneoir gan aithne gur éignigh Ó Lubhlaí a dhearthair agus é ar chúrsa Gaeilge i Ros Muc.

Bhunaigh Ó Lubhlaí Coláiste na bhFiann ach díbríodh as an eagraíocht sin é agus glanadh é as stair na heagraíochta sin.

Rinne Ó Lubhlaí turas thart ar scoileanna ag tabhairt poiblíochta do leabhar a scríobh sé ar chúrsaí oideachais anuraidh, ‘Éire mar ba mhian le . . .’ – d’ainneoin go ndearnadh gearán faoi seo leis an Roinn Oideachais.

Tuigtear gur thug sé cuairt ar Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath mar chuid den chamchuairt seo.

Bhí lucht tacaíochta aige i gcónaí áfach.

Seo a leanas a fhógra báis – “Ó Lúbhlaí, Domhnall An Muileann gCearr, Céadaoin 20 Márta 2013 go síochánta ag a áit chónaí Gaeilgeoir, Múinteoir, Oideachasóir, Údar, Poblachtach. Méala mór a bhás dá ghaolta, agus ciorcal cairde. Ar son ne heolaíochta a d’fhág sé a chorp. Aifreann sochraide Luan 25 Márta 10.00 am san Ard Eaglais, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach.”

Ba stiúrthóir é ar chomhlacht darb ainm Clann Lir Teoranta ó 3 Feabhra 1988 go dtí 22 Márta 2013, dhá lá tar éis dó bás a fháil.

UASDÁTÚ : Rinne an t-iriseoir Breandán Delap, duine de na heagarthóirí ar Nuacht TG4, agus iar-eagarthóir ‘Foinse’ cur síos cuimsitheach ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí ar an chlár Rónán Beo inné. 

http://www.rte.ie/rnag/ronanbeo.html

UASDÁTÚ : Tuairiscítear gur fhreastal tuairim ar fiche dhuine ar thorramh Uí Lubhlaí ar an Mhuilleann gCearr.

UASDÁTÚ (18/4/13) – Bhí orainn an nasc a bhaint ón dlí mar gheall ar bhagairt dlí.

Clibeanna:
Posted in: Nuacht