Cad é seo?

Posted on Márta 13, 2013 le

4



Fáilte go dtí ‘an Tuairisceoir’, ardán tráchtaireachta iolraíoch.

 An seirbhís nuachta é seo?

Is obair dheonach é seo. Ní féidir, ag an phointe seo, seirbhís nuachta a chur amach gan maoiniú / múnla gnó.

Blag i nGaeilge nó Blag Gaeilge?

Ceist é sin i ndeireadh na dála do na scríbhneoirí.

Tá a fhios ag gach duine a d’oibrigh mar iriseoir trí mheán na Gaeilge go bhfuil níos mó suime ag Gaeilgeoirí i scéalta faoin Ghaeilge i nGaeilge ná scéalta nach mbaineann leis an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge.

Is í aisling go leor daoine sin a athrú.

dawn_of_man

Cé tá i mbun ‘An Tuaisceoir’?

Is mise Ciarán Dunbar agus faoi láthair is mise riarthóir an tsuímh. Bhunaigh mé an blag de bhrí go bhfuil mé den tuairim go bhfuil gá leis.

Ní mise eagarthóir an tsuímh áfach.

I láthair na huaire, tá mé ag cur foireann eagarthóirí a chur le chéile

An mbeidh ‘prof-léitheoir’ ann?

Ag an phointe seo, ní bheidh. Ach má tá duine ar bith le scoth na Gaeilge ag iarraidh seirbhísí s’acu a chur ar fáil dúinn go deonach, fearadh na fáilte romhat.

 

 An bhfuil sibh oscailte do ‘chomhoibre’?

Creideann go leor daoine go mbeadh sé iontach dá dtiocfadh na meáin Ghaeilge dá bhfuil ann le chéile chun seirbhís láidir a chur le chéile.

Más fíor go bhfuil an aisling sin beagán neamhphraiticiúil, tá ciall leis.

Beidh an suíomh seo oscailte do chomhoibriú le dream ar bith.

An féidir liom cabhrú?

Cinnte! Fáilte roimh scéalta, píosa tuairimíochta, pictiúir agus smaointe.

Tá muid ag cuardach cabhair ó shaineolaithe idirlín, saineolaithe margaíochta agus Gaeilge chomh maith. Táthar ag súil gur féidir foireann láidir de scríbhneoirí a chur le chéile chun an blag is fearr agus is féidir a chur le chéile.

Má tá spéis agat a bheith páirteach, déan teagmháil leis antuairisceoir@gmail.com. Tá muid ag iarraidh bhlagadóirí ar fud an domhain, Gaeil Alban / Alba Nuadh agus Ellan Vannin san áireamh.

Ní fhaigheann ‘An Tuairisceoir’ maoiniú de shaghas ar bith.

Posted in: Nuacht