Leabhair dá bhFaca mé

Posted on Márta 15, 2013 le

0



Panu Petteri Höglund

LEABHAIR : Chaith mé an deireadh seachtaine seo caite ag léamh leabhair Ghaeilge mar is dual dom agus ar ndóigh d’éirigh liom cúpla ceann acu a chríochnú fosta.

Ba é an chéad cheann acu ná “Garret FitzGerald agus Paddy Hillery – beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn”, le Maolsheachlainn Ó Collaí (Coiscéim 2013, 52 lch).gf

Tá Gaeilge mhaith sa leabhar agus léargas ann ar na laethanta a bhí in Éirinn – ar an athrú meoin a tháinig ar an tír le teacht na seascaidí i dtaobh na Gaeilge de. Is í an cheist mhór a chuirtear – mar impleacht ar a laghad – sa leabhar ná, an féidir liobrálachas ár linne agus stát a bhfuil misean le comhlíonadh aige a chur in oiriúint dá chéile.

Cuireann an t-údar i leith an Ghearaltaigh ach go háirithe gur bhain sé cuid mhór dá stádas den Ghaeilge agus é ag cur i gcéill nach raibh sé ach ag iarraidh athbheochan na teanga a shruthlíniú in araicis na haoise nua.

Is féidir a mhaíomh nach raibh sa Ghearaltach féin ach ionstraim i lámh na bhfórsaí stairiúla – nach raibh sé ach ag tabhairt isteach don tuiscint nua ar ról an tsaoránaigh a bhí ag teacht faoi lán an tseoil.

Stát a bhí i bPoblacht na hÉireann a raibh misean aige – misean athbheochana na Gaeilge, an misean ba chúis leis an stát teacht ar an bhfód an chéad uair riamh. Ach an féidir ar aon nós misean ar leith a bheith ag an stát? Aon mhisean eile seachas cearta daonna agus sibhialta a chinntiú do na saoránaigh?

Is fíor go hiomlán gur dream seoiníní a bhí i gceist leis an Language Freedom Movement agus go raibh dearcadh ciníoch ag cuid mhór ag na seoiníní sin ar an nGaeilge – is é sin go raibh siad naimhdeach i leith na Gaeilge toisc nach raibh siad eolach uirthi ná ar an gcultúr a bhaineas léi.

Dealraíonn sé áfach go raibh an LFM féin in ann méar a chur ar laige bhunúsach i réasúnaíocht na hidé-eolaíochta Gaeilge: má chaitheann an stát daonlathach nua-aimseartha a bheith neodrach i dtaobh na misean éagsúil polaitiúil nó cultúrtha a bhíos ag na saoránaigh mar dhaoine aonair, an féidir leis an stát céanna a mhisean polaitiúil nó cultúrtha féin a chur i bhfeidhm ar na saoránaigh mar dhaoine aonair in aghaidh a dtola-san?

Dealraíonn sé gur cuireadh an cheist seo ar an nGearaltach, agus nach raibh sé in ann í a fhreagairt. Ansin bhain sé an tátal as an scéal go raibh an ceart ag an LFM, agus nach raibh an “Ghaeilge éigeantach” inchosanta.

An leabhar eile a chríochnaigh mé le linn an deireadh seachtaine, ba é an scéinséir a bhreac Mícheál Ó Ruairc síos le haghaidh na bhfoghlaimeoirí fásta – “Fianaise” (LeabhairCOMHAR, 2012).Fianaise_Leagan_Garbh

Bhí a théarmaíocht féin ag an scríbhneoir le cur síos a thabhairt ar shaol na gclubanna damhsa griognochta, agus cé nach raibh mé sásta le gach gné den stíl, fuair mé an t-atmaisféar noir sách sásúil mar litríocht. Bhí cúpla paidir chapaill ann faoi mheath morálta an tsaoil chomhaimseartha, agus ní raibh siad ag cuidiú leis an scéal teacht ar aghaidh – is ar éigean a bhí mórán maithe iontu mar charachtracht ar an bpríomhlaoch.

I leabhar den chineál seo ba chóir an bhéim go léir a chur ar na himeachtaí agus ar an aicsean – diabhal cabaireacht. Chríochnaigh mé an leabhar go sciobtha, áfach, agus cé go bhfuil deich míle leathanach de litríocht is de bhéaloideas na Gaeitachta léite agus mionléite agam, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith ón leabhar seo.

Mar sin, rinne sé cúis go gleoite mar úrscéal don fhoghlaimeoir fhásta.

Posted in: Beatha, Tuairim