Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Posted on Márta 16, 2013 le

4



Ciarán Dúnbarrach

COMHFHREAGRAS : Tá cónaí ormsa sa Spidéal, ceantar Gaeltachta i ‘gcatagóir B’ tuairim is 10 míle ó Chathair na Gaillimhe.

Teanga phobail is ea í an Ghaeilge go fóill ar an Spidéal ach ní féidir mórán dóchais go leanfaidh sé sin ar aghaidh mórán níos faide.

With language rights in the news – what is the experience of a Gaeltacht resident?

Tá trí chúis leis sin, cainteoirí dúchais ag tiontú ar an Bhéarla, daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach sa cheantar agus páistí á dtógáil le Béarla go coitianta – ach sin scéal eile do lá eile.

‘Spiddal Village’ a thugann roinnt mhaith Béarlóirí an áit.

Cónaí orainn ar an Bhruach Thiar d’Abhainn Bhoth Loiscthe, taobh thiar dúinn tá an fíorGhaeltacht is mó agus is láidre dá bhfuil fágtha againn in Éirinn. Taobh thoir dúinn, tá breacGhaeltacht ag leá léi go dtí go bhfuil tú in Éirinn Ghalldaithe.

Seo an líne tosaigh sa chath cultúrtha ar son anam Gaelach na hÉireann. Seo an áit a bhfuil an cogadh coinbhinsiúnta fós á throid tar éis 800 bliana agus áit a bhfuil an líne á choimeád i gcónaí, más ar éigean é. Chun tosaigh orainn tá Gaeil fós le fáil go cinnte, ach is cogadh ‘guerilla’ atá ar bun acusan.Spiddal Map

Más sin féin, is mionlach sinne atá ag tógáil páiste le Gaeilge ar an taobh thiar d’Abhainn Bhoth Loiscthe, gan trácht ar Abhainn an Chnoic sna Forbacha nó an Choirib féin fiú.

Tá an Ghaeilge láidir go leor sa Spidéal ná gur féidir le páiste óg maireachtáil gan Bhéarla, beagnach gach duine sásta í a labhairt léi, ach is féidir le soláthair seirbhísí a bheith sách difriúil uaidh sin ach ní dona an scéal i gcónaí.

Tháinig litir ón FSS áitiúil an tseachtain seo caite – coinne leis an bhanaltra, litir i mBéarla. Tá mé idir dhá chomhairle más ceart dom gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir Teanga faoi sin go fóill.

Bhí stampa poist ar le seoladh galldaithe, d’ainneoin gurb as áit fhíorGhaeltachta é – beidh gearán ag dul isteach faoi sin go cinnte.

Ar an lá, isteach linn. Bhíomar istigh ag fanacht, iníon neirbhíseach go leor. Tháinig an bhanaltra isteach agus is i mBéarla a labhair sí le m’iníon. Pléascadh. Gol, caoineadh, scaoll.

“Níl mórán Béarla aici,” a mhínigh mé.

“Ok, maith go leor – Gaeilge mar sin,” arsa an bhanaltra agus lean sí léi chun seirbhís den scoth a thabhairt dúinn i nGaeilge, d’ainneoin nach raibh an teanga ó dhúchas aici.

Go raibh míle maith aici agus go raibh míle maith agaibh Poblacht na hÉireann.

Is scrúdú tábhachtach é seo, is minic a chuala mé páistí a lipéadú le ‘learning difficulties’ mar gheall ar easpa Béarla – ach cha raibh cúis ghearáin againn.

Maidin Dé Luain áfach, bhí mé istigh san Oifig Leasa Shóisialta i nGealchathair na Gaillimhe. Mhothaigh mé seanfhear a raibh aithne súil agam air sa scuaine.

Seanfhear Gaeltachta amach is amach. Chuaigh sé chun labhairt ag an deasca. Streachailt an-dheacair dó ab ea é.

Ní raibh Béarla láidir aige.

Ach nach bhfuil Béarla den scoth ag gach duine sa Ghaeltacht, nár cheart dóibh meas a bheith acu ar Bhéarlóir agus Béarla a labhairt go díreach?

Goille, sular chuir mé fúm sa Ghaeltacht, ghlac mé gan cheist go raibh Béarla den scoth ag gach duine sa Ghaeltacht – níl!

Níl aon duine gan Bhéarla sa Ghaeltacht ach is iomaí duine nach labhraíonn Béarla go maith.

Mar sin de, chaith mo dhuine leathuair gan toradh ag iarraidh rudaí a mhíniú leis an bhean óg ag an deasc- níl a fhios agam ar éirigh leis sa deireadh ach deirimse libh go raibh deacrachtaí aige.

Sin an taobh eile den scéal ar ndóigh – brú millteanach ar mhuintir na Gaeltachta chun Béarla a úsáid agus iad i gcumarsáid leis an stát.

Anois, bhí an ceart reachtaíochta ag an fhear seo seirbhís trí mheán na Gaeilge a éileamh – an ndearna sé é?

Déanta na fírinne, ní dóigh liom é, ach is ceist í chomh tábhachtach le ceist ar bith eile maidir le cearta teanga.

Úsáid iad nó caill iad is dócha.

Cad é do thaithí féin? – abair linn ar antuairisceoir@gmail.com

Posted in: Nuacht, Tuairim