An Pápa Nua agus Junta na hAirgintíne

Posted on Márta 18, 2013 le

2



Panu Petteri Höglund

ANAILÍS : Tá sé ina chnámh spairne cheana féin cé acu a bhí an Pápa nua, Proinsias a hAon, ag cuidiú leis na cimí polaitiúla nó le lucht a gcéasta nuair a bhí an Guerra Sucia, an Cogadh Salach, á chur ag an junta san Airgintín thiar sna déaga is trí scór. Ceist chasta atá ann, agus is deacair í a fhreagairt gan cur síos éigin a thabhairt ar na laethanta dorcha sin i stair nua-aimseartha na hAirgintíne. Ba é ba tús don “Chogadh Shalach” ná coup d’état na nginearál ar an 24 Márta 1976, nuair a chuir an tArm deireadh le huachtaránacht Isabel Perón.

Was the new Pope, Francis 1 a friend or foe of Argentina’s military Junta? 

Ní mór a rá go raibh a lán de mhuintir na tíre breá sásta leis an gcor seo i gcinniúint na hAirgintíne. An scríbhneoir mór le rá Jorge Luis Borges mar shampla, bhí sé barúlach go raibh junta an airm ní b’fhearr mar rogha ná na Peronistas – lucht leanúna an Uachtaráin Juan Perón – nó ba é tuiscint Borges san am go raibh an Peronismo cosúil le hidé-eolaíocht ollsmachtúil, agus go mbeadh dearcadh ní ba phragmatúla ag na ginearáil.  Ach, cad é an rud a bhí i gceist leis an bPeronismo?

An Pápa Proinisias I

An Pápa Proinisias I

Bhí Juan Perón ina Uachtarán ar an Airgintín ó lár na ndaicheadaí go lár na caogaidí. Sna seachtóidí, chaith sé bliain i gceannas na tíre arís, ach ba é a bhás a chuir deireadh leis an téarma sin. Bhí Perón ar an duine ba doimhne agus ba bhuaine a chuaigh i bhfeidhm ar shochaí na hAirgintíne san fhichiú haois.

Is minic a deirtear nach raibh ina chuid polasaithe ach leagan Airgintíneach d’fhaisisteachas Benito Mussolini, ach is dócha gur róshimpliúchán é sin féin. Bhí sé go mór mór ag brath ar na ceardchumainn le tacaíocht a fháil, agus a bhean chéile Evita ag iarraidh imthoscaí saoil na ndaoine bochta a fheabhsú. San am chéanna d’ionsaigh sé na hintleachtóirí agus chuir sé olc ar na maithe agus na móruaisle nach raibh acu ach dímheas ar na haicmí a bhí ina gcrann taca ag Perón. Mar sin,  bhí a lán daoine (cosúil le Borges féin) claonta chun glacadh leis an junta féin de rogha ar aon chineál Peronistas.

Leis an scéal a dhéanamh níos casta bhí na Peronistas féin scoilte rud a tháinig chun solais nuair a d’fhill Perón go dtína thír dhúchais sa bhliain 1973 i ndiaidh na blianta fada a chaitheamh ar deoraíocht sa Spáinn, áit ar thug an deachtóir Francisco Franco dídean dó. Bhí Perón á adhradh ag daoine radacacha ón eite chlé agus ón eite dheis araon, agus ba léir nach bhféadfadh dhá dhream chomh difriúil sin cur suas le chéile in aon ghluaiseacht amháin.

Mar sin, nuair a thuirling eitleán Perón ar aerfort Ezeiza, tháinig daoine ón dá dhream in araicis an laoich, agus dá thoradh sin bhí sléacht millteanach ann. Is é an ciallú is mó a thugtar ná gurbh iad lucht na heite deise a rinne ár ar lucht na heite clé, ach is deacair a rá céard is fírinne ann, nó dealraíonn sé nach bhfuil fiosrú oifigiúil ar bith déanta ag údaráis na hAirgintíne i rith an dá scór bliain i ndiaidh an tsléachta.

I ndiaidh do Juan Perón féin bás a fháil ba í a bhaintreach, Isabel Perón, a chuaigh i gceannas ar an tír. Chuala an saol mór is a mháthair iomrá ar Evita Perón, arbh í bean diongbhála a fir chéile í mar pholaiteoir, ach ní raibh an carasma céanna ná a leath ag roinnt le hIsabel. Ba í Evita coinsias sóisialta an Pheronismo, ach fuair sise bás sa bhliain 1952, agus ní raibh Isabel in ann an bhearna bhaoil chéanna a líonadh.

A mhalairt ar fad bhí sí féin báúil le heite dheis na gluaiseachta, agus í ag tacú leis an Triple-A, is é sin, an Alianza Argentina Anticomunista nó Comhghuaillíocht Fhrith-Chumannach na hAirgintíne – is é sin, na scuaid bháis a bhí ag marú “Cumannaigh”, ach amháin go raibh a sainmhíniú féin acu ar choincheap an Chumannachais: Peronistas ón eite chlé ab ea a lán acu a bhí thíos le feachtas an Triple-A.

Nuair a chuaigh an junta i gceannas ar an Airgintín, bhí an tír á stróiceadh as a chéile ag an gcogadh a bhí dreamanna éagsúla sceimhlitheoireachta a chur ar a chéile: an eite chlé “idirnáisiúnta”, eite chlé na bPeronistas (an dream treallchogaíochta ar a dtugtaí na Montoneros), agus scuaid bháis an Triple-A. Mar sin ní rachaidh muid thar fóir má ghlacaimid leis go raibh cúis ag a lán a shíleadh go raibh an junta ag teastáil i ndáiríre le cuma éigin a chur ar shaol na tíre arís.

Anseo san Eoraip is gnách dúinn a shíleadh gurb ionann junta míleata i Meiriceá Theas agus rialtas gránna Faisisteach. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhi deachtóirí míleata san ilchríoch a raibh luiteamas acu leis na scológa bochta, ós as a measc siúd a tháinig cuid mhaith saighdiúirí, agus bhí athriar talúntais ar chlár oibre deachtóirí áirithe freisin.

Má shíl Borges nó Bergoglio nach mbeadh i gceist leis an junta ach rialtas sealadach pragmatúil a bheadh sásta an daonlathas a chur i bhfeidhm arís tar éis tamaill bhig, is deacair a bheith ina dhiaidh sin orthu: measúnú ciallmhar réadúil a bhí ann.

Scéal eile ab ea é áfach gur iompaigh rialtas míleata na hAirgintíne amach ina dhrong choirpeach den chineál is measa, nó is ábhar scanraidh é taifead na deachtóireachta sin ó thaobh chearta an duine de. Le “sceimhlitheoireacht na heite clé” a chur faoi chois ba nós le hoifigigh an junta daoine óga a ghabháil, a phríosúnú is a chéasadh gan chúis cheart – d’fhéadfá a rá gur fuadaitheoireacht ghlan a bhí ar siúl acu.

Lena chinntiú nach bhfaigheadh an saol mór amach faoin bhfuadaitheoireacht seo ba ghnách leis na hoifigigh na príosúnaigh óga a mharú faoi choim: drugáladh gach cime le hinstealladh suaimhneasáin, agus nuair a bhí néal air, caitheadh anuas ón eitleán é os cionn na farraige móire. Chuaigh na céadta daoine óga i dtóin phoill mar sin agus ní raibh a dtásc ná a dtuairisc ar fáil dá muintir. Níos measa fós ba chuid den chéastóireacht é na cailíní a éigniú agus a chur ag iompar clainne. Nuair a rugadh an páiste, maraíodh an mháthair cosúil leis na cimí eile, agus d’uchtaigh fear de na céastóirí an leanbh.

Agus sinn ag meas ról Bergoglio in imeachtaí a thíre i mblianta dorcha duairce an junta, caithfidh muid a thuiscint go bhfuil misneach agus crógacht ar leith de dhíth le dul chun cearmansaíochta ar an deachtóireacht. Dá gcuirfeá a dtuairisc siúd a ndeachaigh ceal iontu, bhí an dainséar ann go bpríosúnófaí is go gcéasfaí thú chomh maith le duine – cosúil leis an sagart Éireannach Patrick Rice, ar chuala an saol iomrá air.

Más ea nach raibh an chrógacht sin in Bergoglio, ní hionann sin is a rá go fóill go raibh sé ag comhoibriú go tiubh leis an deachtóireacht. Thairis sin, bhí cuid nár bheag de mhuintir na hAirgintíne ag tacú leis an rialtas míleata – ní mhairfeadh an deachtóireacht féin i bhfad in uireasa tacaíocht an phobail – agus ní Faisisteach fuilchraosach a bhí i ngach uile dhuine acu siúd, mar a chonaic muid.

Ón taobh eile de, má ghlacaimid teagasc an tSlánaitheora i ndáiríre, is follasach gurb é dualgas an Chríostaí na príosúnaigh a chosaint i ndeachtóireacht: i gcaibidil a 25 den tSoiscéal de réir Mhatha, deir Íosa gurb é an rud is tábhachtaí ná bia a thabhairt dó siúd a bhfuil ocras air, aíocht a thabhairt don strainséir agus… cuairt a thabhairt ar an bpríosúnach. Sa choimhthéacs chéanna sa Bhíobla, bagraítear Ifreann orthu siúd nach bhfuil sásta freastal ar lucht an ocrais, ar an strainséir aonaránach agus ar an bpríosúnach.

Ní bheinn féin chomh dian, nó níl a fhios agam conas a d’iompróinn mé féin i ndeachtóireacht: is fearr liom gan breith a thabhairt, le heagla go dtabharfar breith orm. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil na fíréin i dteideal na fírinne ón bPápa i leith imeachtaí a shaoil sna blianta sin. Is í an fhírinne a shaorfas, searbh is uile mar a bheas sí. 

Posted in: Nuacht, Tuairim