Scríbhneoirí de dhíth!

Posted on Márta 19, 2013 le

0



Tá níos mó scríbhneoirí deonacha de dhíth ar an suíomh nuachta anailíse seo – ‘An Tuairisceoir’.

Tá scéalta nuachta / tuairimíocht / anailís de dhíth i gcónaí.

Irish, Scottish and Manx Gaelic writers needed for this site!

Ní féidir linn íoc as (faoi láthair cibé ar bith), ach níl éinne ag fáil pingin rua as an togra seo – a mhalairt atá fíor.

Tháinig cuid mhór daoine ar bord le seachtain anuas ach níl go leor daoine ag scríobh linn go dtí seo le seirbhís mhaith dheonach a chur ar fáil ach is cinnte linn gur féidir linn.

Tá sé léirithe le seachtain anuas, le holl-ionsaí tar éis oll-ionsaí sna meáin ghallda go bhfuil géarghá le foinsí tuairimíochta volunteer-td/ nuachta neamhspleácha agus gaelacha.

Sin an rud atá muid ag iarraidh a bhaint amach.

Ní bhfuair muid aon Albanach / Manannach go fóill, is trua sin ach is cinnte go dtiocfaidh duine éigin ar bord sa deireadh.

Tá tú féin de dhíth orainn.

Má chreideann tú gur féidir leat cabhrú ar bhealach ar bith déan teagmháil le antuairisceoir@gmail.com

Nóta : Ag an phointe seo cibé ar bith, ní gá go mbeadh an t-ábhar eisiach don Tuairisceoir, bheadh muid sásta glacadh le hábhar atá foilsithe ar do bhlag féin agus mar sin de.

 

 

Posted in: Nuacht