Beirt ‘faoi dhliteanas’ i Leith Bhuamáil na hÓmaí

Posted on Márta 20, 2013 le

1



NUACHT : Fuarthas go raibh beirt ‘faoi dhliteanas’ i leith Bhuamáil na hÓmaí tar éis caingean sibhialta a thionscnaigh gaolta le roinnt de na híospartaigh.

Atriail a bhí i gceist tar éis gur éirigh leis an bheirt, Colm Murphy agus Seamus Daly, cás achomhairc a bhuachan i gcoinne chinneadh a fuair an bheirt acu faoi dhliteanas i leith na buamála.

Two men found responsible for the Omagh bombing

Úinéir Theach Tábhairne agus tógálaí é Murphy as Dún Dealgan, iarfhostaí dá chuid é Seamus Daly, arbh as Baile Mhic Cullach in Ard Mhacha Theas é.

Tuigtear gur poblachtaigh ghníomhacha a bhí iontu beirt.

Rialaigh an Breitheamh John Gillen go raibh an dís acu freagrach as an uafás a tharla i 1998.

OmaghBomb-4c

An radharc tar éis na buamála

Glactar leis gur cás suntasach a bhí ann ó thaobh chúrsaí dlí de.

Is tábhachtach cuimhneamh gur caingean (nó cás) sibhialta a ba é seo, cúrsaí airgid amháin atá i gceist, ní hé go bhfuarthas ciontach iad as an choir a dhéanamh agus ní rachaidh siad chuig príosún.

Ní bhfuarthas duine ar bith ciontach as an bhuamáil seo riamh. An ‘Real IRA’ a ba chiontaí leis an eachtra seo, an eachtra aonair is measa i stair na dtríoblóidí.

Fuair 29 duine bás sa bhuamáil, bean thorrach le cúpla san áireamh, gortaíodh breis is 200 duine eile.

Chuir fearg an phobail i gcoitinne isteach ar an RIRA go mór ag an am, shíleadh go forleathan gurb ionann é agus deireadh le ról an fhoréigin i bpolaitíocht na hÉireann ach tháinig an RIRA chucu féin go pointe ó shin.

Tuigtear go bhfuil an ‘Real IRA’ anois mar chuid de scáthghrúpa nua, an ‘New IRA’.

Is iad na meáin Bhéarla a bhaist an RIRA orthu, tugann siad féin ‘Óglaigh na hÉireann’ orthu féin.

Mar sin féin, ní luaitear iad le gaelachas nó leis an Ghaeilge in am ar bith. Níl oiread is focal Gaeilge ar shuíomh idirlín ‘sciathán’ polaitiúil s’acu mar shampla, an ‘32 County Sovereignty Movement’.

Posted in: Nuacht