Brú á chur ar pháirtithe ag Uachtarán na hIodáile

Posted on Márta 20, 2013 le

0



AN IODÁIL : Bhí Uachtarán na hIodáile, Giorgio Napolitano ag impí ar pholaiteoirí na tíre sin Dé Domhnaigh chun teacht le chéile agus rialtas nua a bhunú.

Ní dócha go dtabharfar aon aird air áfach agus tá brú ag ardú i rith an ama ar son toghchán nua a reáchtáil.

Giorgio_Napolitano

Bhí Uachtarán na hIodáile, Giorgio Napolitano ag impí ar pholaiteoirí na tíre sin Dé Domhnaigh chun teacht le chéile agus rialtas nua a bhunú.

Ní raibh aon toradh ar thoghchán na míosa seo caite ach sáinn pholaitiúil amach is amach.

Tá imní á léiriú ag na ‘margaí’ faoi fhadhbanna polaitiúla na tíre agus táthar ag tabhairt rabhadh nach féidir aon mhoill maidir le leasuithe a chaithfeas an Iodáil a dhéanamh chun dul i ngleic lena fiacha poiblí ollmhóra agus chun borradh a chur faoina geilleagar.

Tá cúlú eacnamaíocht ann sa tír le breis is bliain anuas agus tá ciorruithe ag gearradh go mór ar ghnáthmhuintir na tíre seo.

Tá sé i gceist ag Napolitano dul i mbun chainteanna inniu, Dé Chéadaoin, chun féachaint má tá aon seans ann gur féidir rialtas a thabhairt le chéile.

Is beag dóchas ann áfach agus an Pharlaimint scoilte go cothrom beagnach idir thrí ghrúpa atá dubh i gcoinne a chéile.

 

 

Posted in: Nuacht