‘Dúshlán 1881’ agus Dúshláin 2013

Posted on Márta 21, 2013 le

0



Danny Brown

TUAIRIM : Le cúpla seachtain anuas, bhí mé ag coimhéad na sraithe Dúshlán 1881 ar TG4.

Sraith bheag shuimiúil a bhí inti agus bhain mé an-sult as na cláracha uilig.

Ach ní léirmheas ar na cláracha sin atá sa phíosa seo.

Chuir na cláracha mé ag smaoineamh mar, ar bhealach, cé go bhfuil siad ag caint ar dhaoine ag iarraidh bheith beo mar a bhíodh daoine sa bhliain 1881, bhí an bun-smaoineamh iontach tráthúil ar bhealach nár smaoinigh na léiritheoirí air.

Bhí airí rialtais ar an teilifís agus ar an raidió ar na mallaibh ag caint ar na bainc seilbh a ghlacadh ar thithe nach raibh na húinéirí ábalta morgáiste a íoc orthu agus, le héisteacht leo, chreidfeá gur seo an rud is nádúrtha sa tsaol, duine a chaitheamh amach as a dteach mar mhaithe le brabach bainc.

Bíonn na polaiteoirí céanna ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith a labhraíonn amach in éadan polasaithe s’acu maidir le cáin tí, dámhacha séarachais agus méadair uisce, ag rá go bhfuil siad in éadan achan rud agus nach bhfuil moltaí fiúntacha ar bith acu le fáil thar an abar ina bhfuil an geilleagar.

Rith sé liom agus mé ag coimhéad Dúshlán 1881 nach raibh iomrá ar bith ar chúpla gné tábhachtach den tsaol ag an am sin. Ar ndóigh, ní cláracha faisnéise a bhí iontu agus níl mé ina dhiaidh ar na léiritheoirí nár thug siad ceacht staire dúinn faoin ré sin dár stair.

Rónán Mac Aodha Bhuí, láithreoir 'Dúshlán'

Rónán Mac Aodha Bhuí, láithreoir ‘Dúshlán’

Cinnte, caitheadh daoine amach ar an tsráid cionn is nach raibh siad ábalta an cíos a íoc agus cuireadh go leor acu ar an bhád go Meiriceá. Ach bhí daoine eile fiúntacha in achan chuid den tír a labhair amach go láidir in éadan na dtiarnaí talaimh agus a chuidigh lena gcuid comharsan a dteach a choinneáil.

Bhunaigh siad eagraíocht náisiúnta, Conradh an Talaimh, le daoine a chosaint ón díshealbhú agus dúradh fúthu nár thuig siad an dóigh inar obair an tír.

Ní hionann an dá ré staire, ar ndóigh, 1881 agus an lá atá inniu ann, ach ba chóir do pholaiteoirí sa Dáil machnamh ar an tréimhse sin ar feadh tamaill mar, d’éirigh chomh maith leis na daoine a sheas in éadan an díshealbhaithe gur cumadh focal breá uasal Béarla as an fheachtas sin, Boycott, agus sin an gléas a bheas in úsáid ag grúpaí agóidíochta an lae inniu.

Má mhaslaíonn siad na daoine atá in éadan cháin tí agus méadair uisce, beidh siad ag maslú Michael Davitt.

Má bhíonn stailc ag múinteoirí agus ag státsheirbhísigh i mbliana, comóradh 100 bliain an Lockout i mBaile Átha Cliath, beidh sé deacair ag Páirtí an Lucht Oibre na stailceoirí a cháineadh agus, ag an am céanna, seasamh ar ardáin ag ceiliúradh obair James Larkin agus James Connolly.

In amanna, tá sé iontach furasta amharc siar ar ré eile staire agus a bheith dallta ar na cosúlachtaí atá ann idir an ré sin agus cúrsaí reatha an lae inniu.

Clibeanna: ,
Posted in: Tuairim