Rónán Ó Snodaigh le seinm i gClub an Chonartha

Posted on Márta 21, 2013 le

0



Eoin P. Ó Murchú

BÁC : Ar an gCéadaoin 27/03/13 beidh Rónán Ó Snodaigh ag cur ceolchoirm ríspeisialta ar siúl do mhuintir na hardchathrach i gClub Chonradh na Gaeilge.

Bí cinnte de nach gcailleann tú amach ar an deis teacht chuig an ngig seo. Gach seans go mbuailfidh duine de na haíonna speisialta isteach ar an oíche. Deis iontach atá ann cluas ghéar le héisteacht a thabhairt don fhear focal fuinte is fuaime seo i dtimpeallacht ghleoite Ghaelach.

Sna gigeanna pearsanta seo roinnfidh Rónán cuid de na scéalta atá taobh thiar de na hamhráin, scéalta ríméadacha, greannmhara, brónacha, is buile faoina chuid gníomhartha ceoil is eile le blianta anuas.

Deis í chomh maith roinnt den cheol is nuachumtha aige a chlos, is go mion minic ní bhíonn a fhios aige féin céard a thitfidh amach is é ar stáitse!

Céadaoin 27/03/13, doirse oscailte ag 6pm, ceol ó 9pm, €7 cead isteach, €5 do bhaill.

Aithnítear Rónán Ó Snodaigh mar dhuine de na ceoltóirí, bodhránaithe agus cnagcheoltóirí is fearr agus is nuálaí in Éirinn anuas ar an sárchumas ar leith atá aige sa scríbhneoireacht amhrán.

Rinne  John Walsh (Hot Press)  cur síos air mar “the living embodiment of Turlough O Carolan and Bob Marley”, agus dar le duine a leanann an Snodach “Laoch gan aon agó atá ann, Jimi Hendrix an Bhodhráin”.

‘Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin agus Bob Marley ina steillebheatha’ John Walsh (Hot Press)

Tá caint tarraingthe ag Rónán mar scríbhneoir amhrán sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tá áille liriciúil agus gairbhe bhriosc le fáil sa cheol, tréithe a shainíonn agus a dhéanann uathúil ar fad é. Meascán de cheol tíre is rac-cheol atá ann, é gleoite orgánach, is bainfidh sé idir iontas agus ghrá asat.

Tá ceithre albam eisithe aige go dtí seo; Playdays, Tonnta Ró, Tip Toe agus The Last Mile Home. Seinneann sé an bodhrán, an druma conga, na bongónna, an ‘bodhrán’’ leictreach, an giotár agus mórán uirlisí eile nach iad.

Ná cailltear amach ar a ghigeanna aonair i gClub Chonradh na Gaeilge mar deis atá iontu duine de mhórcheoltóirí na tíre a chloisteáil beo beathaíoch i gcompord cluthar an Chlub.

Tuilleadh Eolais / More info http://anclub.ie/

Is Oifigeach Caidrimh Phoiblí le Club Chonradh na Gaeilge é Eoin P. Ó Murchú. Is féidir iad a leanúint ar twitter @clubchonradh nó teacht orthu ar facebook ag ttps://www.facebook.com/anclub?fref=ts nó teacht ar a gcuid físeán ag http://www.youtube.com/user/clubchonradh?feature=watch

Clibeanna:
Posted in: Beatha