Conas atá ag éirí linn?

Posted on Márta 22, 2013 le

0



TUAIRISC : Tá ‘An Tuairisceoir’ ar an bhfód le breis is seachtain anuas – conas atá ag éirí linn?

“Go measartha maith is dócha,” an freagra a bheadh againn féin.work-together

Rinneadh 1,926 chuairt ar an suíomh an tseachtain seo. Tá muid ag 2,209,140 ar an domhan agus ag 8,704 in Éirinn dar le Alexa Traffic Rank

Tá go leor scríbhneoirí tar éis teacht ar bord – ní raibh muid ag súil leis an mhéid sin daoine.

Mar sin féin, beidh sé deacair go leor daoine a mhealladh ar bhonn rialta gan a bheith ábalta iad a íoc.

Tá níos mó scríbhneoirí (agus aistritheoirí) de dhíth i gcónaí – antuairisceoir@gmail.com.

Bheadh sé iontach preasráitis a fháil óna heagraíochtaí Gaeilge chomh maith.

Ná habair é – déan é!

Aisfhreagra

“Ba mhaith liom rud éigin cosúil leis an Journal.ie.”

Agus ba mhaith linn sin a dhéanamh, ach seo saothar iomlán deonach, gníomhaíocht is ea é.

Tá macalla sa ráiteas den sin den rud a dúradh go minic i dtaca leis na meáin chlóite Ghaeilge, “Bhál, cheannóinn iad dá mbeadh siad chomh maith leis an ‘Irish Times’.

Níorbh fhéidir sin riamh faraor.

Táthar ag súil gur féidir rud éigin ar nós www.sluggerotoole.com gan airgead taobh thiar dúinn ach is cinnte go bhfuil an chomhairle maidir leis an www.thejournal.ie glactha.

Clibeanna:
Posted in: Nuacht