Dochar na Doininne

Posted on Márta 22, 2013 le

0



AIMSIR :  Tá an fhearthainn agus an sneachta thar oíche i ndiaidh cur isteach go mór ar chúrsaí taistil agus ar an tsoláthar cumhachta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, agus iarrtar ar an phobal a bheith iontach cúramach agus faichilleach ar na bóithre.

SNOOOOO........WWWWW-PREPARED-AT-CITY-AIRPORT!--(2)

Aerphort George Best – ullmhaithe don sneachta?

Tá na mílte teach agus cuid mhór gnólachtaí ar fud na Sé Chontae fágtha gan aon soláthar leictreachais de bharr na gaoithe móire aréir, agus bhí an rúid-bhealach ag Aerfort Cathrach George Best i mBéal Feirste druidte ní ba luaithe sa mhaidin mar gheall ar an tsneachta, rud a chuir moill ar roinnt eitiltí. Tá sin oscailte arís faoi láthair.

Táthar ag moladh do phaisinéirí an scéal a fhiosrú leis an chomhlacht aerlíne a bhfuil an áirithint déanta leo sula mbuaileann siad an bóthar chuig an aerfort.

Bhí droch-thuilte thart ar chathair Chorcaí i rith na hoíche, agus dar leis na Gardaí go ndearnadh dochar do roinnt tithe agus do roinnt siopaí.

Tá roinnt turas bád farantóireachta curtha ar ceal inniu mar gheall ar an fharraige a bheith i bhfad rógharbh amach ó chósta na hÉireann, agus tá AA Roadwatch i ndiaidh a thabhairt le fios go bhfuil go leor uisce ar dhromchla na mbóithre agus go bhfuil tuilte anseo is ansiúd ar fud na tíre, agus go bhfuil na coinníollacha tiomána contúirteach dá bharr sin.

Tá rabhadh sneachta agus seaca eisithe ag Met Éireann do chontaetha An Chabháin, Mhuineacháin agus Dhún na nGall, agus dúirt siad go mbeidh síobadh sneachta ann in áiteanna éagsúla ar fud an tuaiscirt.

Agus tá rabhadh ‘stádas buí’ fógartha faoin chóras úr rabhaidh atá acu, an tríú rabhadh is tromchúisí is féidir a thabhairt faoin chóras úr, ag cur in iúl go mbeidh fearthainn throm agus ceathanna fada agus tuilte in go leor ceantracha, go háirithe ar an chósta thoir.

 

Clibeanna:
Posted in: Nuacht