Tionchar na Jailtachta faoi scrúdú

Posted on Márta 23, 2013 le

1



Seolfar leabhar nua, “Language Resistance and Revival: Republican Prisoners and the Irish Language in the North of Ireland” leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh as Béal Feirste go luath, labhair sé le Ciarán Dúnbarrach maidir leis an leabhar.

Cad é mar a thosaigh an togra seo agus cé chomh fada is atá tú ag obair air?

Thosaigh mé ar an togra seo don chéad uair thiar in 2004 mar thráchtas MA in Ollscoil na Banríona agus ansin lean mé liom ar an ábhar céanna mar thaighde dochtúireachta idir 2005 agus 2009.

D’éirigh liom conradh leabhar a fháil óna foilsitheoirí polaitiúla idirnáisiúnta Pluto Press in 2010-11 agus ghlac sé chomh fada seo le theacht i gcrích.

 Cén fáth ar scríobh tú an leabhar i mBéarla? 

Thuig mé ón tús gur scéal a mheallfadh suim idirnáisiúnta a bhí idir lámha agam, a rachadh i bhfad níos faide agus níos doimhne ná lucht léite na Gaeilge amháin, le ceachtanna sonracha ó thaobh na staire, ó thaobh na polaitíochta, ó thaobh na socheolaíochta, agus ó thaobh an sochtheangeolaíochta de.

Is ar an bhonn seo, a ghlac Pluto Press, leis an mholadh s’agam a bhéas mar an chéad leabhar ariamh a d’fhoilsigh siad a phléann le scéal na Gaeilge.

Le cois, ní raibh Gaeilge iomlán líofa idir léamh agus scríobh ag gach duine a ghlac páirt sa tréimhse staire seo agus ar cuir mé agallamh orthu. Bíodh is go ndearna cuid acu éachtaí ó thaobh na hathbheochana de, ag bunú scoileanna is tograí pobail eile, níor choinnigh/nó níor bhain siad, ar chúis amháin nó eile, líofacht iomlán labhartha amach.

Sin ráite, tá an t-uafás iomlán do na hagalllaimh sa leabhar i nGaeilge agus aistriúcháin Béarla mar fhonótaí. Thug mé rogha don díograiseoir is mhol mé daofa an teanga is compordaí a roghnú le dtiocfadh leo léamh beacht a thabhairt ó chuimhne. Sa chaoi seo, tá mórchuid na n-agallamh i nGaeilge.

Sílim féin gur thábhachtach go n-insítear scéal na hathbheochana s’againn ar scala idirnáisiúnta agus ar an drochuair, agus ar chúiseanna an mhíníonn an leabhar go mion, tá an stádas sin mar theanga idirnáisiúnta ag an Bhéarla de bharr an próiseas coilíneach agus impiriúil a d’fhorbair cumhacht na Breataine ar fud na cruinne.

41-QCuOb7rL._SL500_

Arís eile, sílim féin go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfuil leagan Gaeilge don leabhar agus an scéal seo curtha ar fáil chomh maith. Tá rún agam, mar sin, leagan níos inrochtana a ullmhú i nGaeilge a bhéas fóirsteanach do pháistí scoile agus meánscoile srl.

 Cén fáth a raibh sé tábhachtach go raibh príosúnaigh poblachtacha ag úsáid na Gaeilge?

Ar dtús báire, scéal suimiúil atá ann atá fite fuaite go mion le stair thruamhéalach na hÉireann agus scéal na hathbheochana féin.

Téann an traidisiúin foghlamtha Gaeilge i measc príosúnaigh poblachtánacha siar go Frongoch  i ndiaidh Éirí amach na Casca in 1917; agus feictear arís é ar phríosún longa ar nós an Argenta agus an Al Rawdah sna fichidí agus sna daichídí; feictear arís é ar phríosún Bhóthar Chroimghlinne agus sa Churrach sna Daichidí le leithéidí Máirtín Ó Cadhain i lár aonaigh; arís sna caogaidí le díograiseoirí eagsúla; agus a fhad chuig an tréimhse comhaimseartha leis an Chéis Fhada.

Rinneadh seo ar chúiseanna éagsula; beatha intinne i gcomhthéacs géarleanúna agus uaignis, gléas streachailte in aghaidh an chórais, cúiseanna cultúrtha, spreagadh idé-eolaíochta agus polaitiúla agus d’fhás cultúr is traidisiún thart air seo. Cíorann an leabhar an traidisiún seo ina n-iomláine.

Chuir mise spéis ar leith sa scéal seo, áfach, mar gur thuig mé gur imir streachailt Phríosún na Ceise Fada  ról claochlaithe san athbheochan comhaimseartha óna shíolraigh mé féin mar scoláire de chuid Bunscoil Phobal Feirste sna lár ochtóidí agus mar dhíograiseoir ina dhiaidh sin.

Bíodh is gur imir iar-chimí ról gníomhach san athbheochan in achan tréimhse san fhichiú aois nuair a scaoileadh saor ón ghéibheann iad le Gaeilge ar a dtoil acu, thuig mé go raibh tionchar suntasach ag an streachailt phríosúin sa Cheis Fhada ar an athbheochan pobalbhunaithe a phléasc i ndiaidh na stailceanna ocrais a bhí difriúil ar go leor bealaí.

Sa chéad dul síos, bhí comhthéacs pholaitiúil corraitheach ann in aimsir na stailceanna ocrais agus an pobal náisiúnach tógtha ar bhealach tochtach fá chúrsaí féiniúlachta nach raibh amhlaidh ó bhí aimsir Éirí Amach na Casca ann ach níos tábhachtaí arís,  mar go raibh dúshraith forbartha leagtha síos ag ceannródaithe Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a dtiocfadh le díograiseoirí tógáil air.

Lean siad mana na Gaeltachta, ‘Na hAbair é, déan é’ agus shíolraigh forbairtí iontacha óna gcuid díograise.

Cén tionchar a imríonn na cainteoirí seo ar phobal na Gaeilge sa Tuaisceart inniu?

Tá na díograiseoirí seo sáite sa phobal ar fud na sé chontae agus níos faide i gcéin ag obair ar an illiomad togra Gaeilge agus ag imirt ról déarfach sna hiarrachtaí athbheochana teanga.

 Déarfadh daoine áirithe ar ndóigh, go ndearna an spéis a chuir poblachtánaigh sa Ghaeilge dochar don teanga agus gur ceart do phoblachtánaigh Béarla amháin a úsáid, cad a deir tú féin?

Leis an fhírinne a dhéanamh is dóigh liom go bhfuil sotal agus cineál faisisteachas éigin ag baint leis an tuairim nár cheart do dhream éigin an Ghaeilge a labhairt ar eagla iad ‘dochar’ a dhéanamh.

Níl úinéireacht ar leith ag grúpa, pobail nó aicme ar bith an teanga agus tá sé de cheart ag aon duine í a fhoghlaim agus a chuir chun cinn ar cibé cúis a spreagann iad féin go pearsanta. Bíodh seo ina spreagadh cultúrtha, teangeolaíochta, polaitiúil, idé-eolaíochta nó spioradálta- tá na cúiseanna dlisteanach ag an té atá spreagtha acu.

Más rud go nglacann duine nó dream éigin olc de chineál éigin nuair a labharann daoine áirithe le tuairimí áirithe an Ghaeilge, ansin is léir gur acusan atá an fhadhb maidir le dearcadh agus cothromaíochta de! Is dóigh liom go ndéanann an tuairim seo tagairt don leithscéal a thug aontachtachas polaitiúil agus Rialtas na Breataine, i dtréimhsí áirithe, don cos-ar-bolg a rinne agus a dhéanann siad in aghaidh Phobal na Gaeilge.

Is na forsaí céanna seo a d’imir ról ceannasaíochta i meath stairiúil na teanga, ar chúiseanna santacha cultúrtha, polaitiúla agus soch-eacnamaíochta s’acu féin, sular chuir  aon ‘poblachtánach’ suim sa teanga, a bhrúann an bhréag-thuairim fhimíneach seo anuas orainn.

Ar ndóigh, níor bhac cuid mhór príosúnaigh leis an Ghaeilge ar chor ar bith – cén fáth sin meas tú?

Cad chuige nach bhfoghlaimíonn gach duine in Éirinn an teanga? Is dóigh liom go bhfuil an cheist seo chomh leathan céanna. Ní féidir glacadh le príosúnaigh poblachtáncha go haonchínealach mar ‘aonaid’ amháin.

Go minic bhí aoisghrúpaí éagsula, eagraíochtaí éagsula, aicmí éagsula, idé-eolaíochtaí éagsula ann, chomh maith le daoine ó cheantair difriúla idir chathair agus tuath srl. Bíonn spreagadh difriúil ag daoine difriúla bunaithe ar an chomhthéacs pholaitiúil ina mhaireann siad.

Measaim féin go raibh an teanga ag an phointe is láidre sa phríosún i rith Agóid na Pluide sa Cheis Fhada mar go raibh coinníollacha fulangach dochreidte deacair ann, ina raibh príosúnaigh ag maireachtáil i mbrúidiúlacht olc 24 uair in aghaidh an lae. Sa chás seo, d’mir an teanga ról iontach cumhachtach mar ghléas streachailte agus mar ghléas féiniúlachta.

 An mbeidh tú ag scríobh leabhar ar bith eile amach anseo? 

Tá sé ar intinn agam leagan Gaeilge don leabhar a ullmhú ar dtús báire ach seachas sin, níl de phlean agam ach camchuairt gníomhach a reáchtáil leis an leabhar seo ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Fuair mé cuireadh dul amach go Meiriceá ag deireadh Mí Aibreán chun sraithe lainseálacha a dhéanamh i Nua Eabhrac agus Bostún, áit a bhfuil spéis láidir sa Ghaeilge agus stair na hÉireann i gcoitinne.

Más suim le grúpa nó díograiseoir ar bith lainseáil a eagrú ina cheantar féin, níl le déanamh ach rphost a chuir chugam ar eolas@feargalmac.org nó scairteadh air 07841101630. Tá tuilleadh eolais ar fáil air:
www.feargalmac.org/language-resistance-and-revival/

Ar ndóigh, fuair d’athair, Terry Snr. bás ar na mallaibh, agus dúnmharaíodh do dhearthair Terry Óg i 1998, lá iontach a bheas ann duit féin nuair a sheolfas an leabhar ach beidh brón ort chomh maith nach mbeidh do dhearthair is d’athair ann – cén tionchar a raibh acu ortsa? 

Beidh sé brónach cinnte a chara. Dúnmharaíodh mo dhearthair is sine Terry agus mé ag déanamh staideár do mo chuid ALeibhéal ar Choláiste Feirste ag an am. Duine iontach spreagúil agus fuinniúil a bhí ann a d’oibir go díograiseach dá phobal féin go príomha le daoine óga agus a chuaigh i bhfeidhm ar mór ar gach duine ar bhuail leis. Tugann cuimhne Terry spreagadh agus misneach dom i dtólamh agus scríobhadh an leabhar seo i ómós do.

Le cois, mar a deir tú, d’éag m’athair roimh an Nollaig i ndiaidh tinneas gairid. Iarphíosúnach poblachtánach a bhí ann a d’fhoghlaim Gaeilge sa Cheis Fhada agus a chur spéis ann ó shin i leith. Thapaigh sé an deis mé féin a chuir ar Ghaelscoil agus spreag sé mé mar dhíograiseoir teanga ina dhiaidh sin.

Is tráchtaire é sa leabhar seo mar aon le 45 tráchtaire eile ar chuir mé agallamh orthu agus is trua mór dom féin go pearsanta nach mbeidh sé ann in éineacht liom leis an oíche a cheiliúradh. Tá triúir tráchtairí eile nach maireann a chuir mé faoi agallamh, mar atá Willie John McCorry, Eddie Keenan agus Billy Kelly.

Sin ráite, bhí sé beo nuair a chríochnóidh an leabhar agus bródúil asam gur tháinig ann don fhís a bhí agam ón chéad uair a thosaigh mé ar an togra seo na blianta fada ó shin. Díograiseoir pobail iomráiteach a bhí in Iarthar Bhéal Feirste a chaith dúthracht saoil ar son an phobail agus is mar sin a dhéanfar cuimhne air.

Ar ndóigh, cuimhním féin air mar athair agus dlúthchara a bhéas i mo chroí istigh go deo na ndeor. Laochra do mo chuidse atá ann maraon le mo dhearthair Terry óg nach maireann agus is cinnte nach mbeadh an leabhar seo ann ach mar gheall ar an spreagadh a fuair mé ón bheirt seo. Fathach fir a bhí iontu beirt; cróthnóidh mé iad agus beidh mé buíoch daofa go deo go ndeor.

Is iardhalta é Feargal ar Bhunscoil Phobal Feirste agus Meánscoil Feirste in Iarthar Bhéal Feirste. D’fhreastál sé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, áit ar bhain sé céim na dochtúireachta in 2009 le tráchtas ar Phríosúnaigh Phoblachtánacha agus athbheochán na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann atá sé ag ullmhú le foilsiú mar leabhar i láthair na huaire.

Is ball bunaithe é d’fhoireann péile lánghaeilge na ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG agus tá sé gníomhach in Athbheochán na Gaeilge i mBéal Feirste. Is cathaoirleach é ar eagraíocht Ghaeilge an Uachtar Chluanaigh, Glór na Móna agus oibríonn sé go lán-aimseartha mar oifigeach tionscadail le haisínteacht forbartha Gaeilge na Ceathrún Gaeltachta, Forbairt Feirste.

Seolfar an leabhar : ‘Language Resistance and Revival: Republican Prisoners and the Irish Language in the North of Ireland’ Le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Déardaoin, 18 Aibreán 2013, 19:30, Coláiste Feirste, Béal Feirste

Tuilleadh eolais fán leabhar –

http://www.feargalmac.org/language-resistance-and-revival/

Posted in: Nuacht