Cá bhfuil Éire?

Posted on Márta 24, 2013 le

8



Le roinnt laethanta anuas, bhí díospóireacht ar siúil ar Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis an ainm ‘Éire’, na 26 Chontae agus na ‘Sé Chontae’, fiosraíonn Ciarán Dúnbarrach an scéal.

An Phoblacht, An Saorstát, ‘Down South’ nó na 26 Chontae a thugann Gaeil na 6 Chontae ar an Stát ó dheas.

Tugann Aontachtóirí ‘The Republic’, ‘The South’, ‘Southern Ireland’ nó ‘Air-rah’ ar na 26 Chontae. D’úsáidfeadh go leor Aontachtóirí ‘Ireland’ don oileán agus ‘Eire’ do na 26 Chontae.

Is é ceann de na rudaí fánacha a bhfuil idir náisiúntóirí agus aontachtóirí an Tuaiscirt aontaithe air ná go bhfuil sé iontach sotalach amach is amach gur ghlac na 26 Chontae ‘Éire’ orthu féin mar ainm an Stáit.

Ghoid siad ainm an oileáin agus an t-aon rud a bhí coitianta eadrainn, ach ar ghoid?

Bhál, ar ndóigh, go dtí gur athraíodh alt a 2 is a 3 de Bhunreacht na hÉireann dar leis an Stát ó dheas ba leo an t-oileán ar fad.

Seo airteagal a 2 mar a bhíodh :

“AIRTEAGAL 2

Is é oileán na hÉireann go hiomlán, maille lena oileáin agus a fharraigí teorann, na críocha náisiúnta.

I saol na linne seo, fógraíonn an stát, ina bhfuil 26 Chontae, “Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.”

Is ionann Éire go dlíthiúil sna 26 Chontae agus, ní nach ionadh, 26 Chontae.

Éire mar a bhí

Éire mar a bhí

Mar sin féin, in Airteagal a 2 den Bhunreacht, tá ‘oileán na hÉireann’ luaite, ní ‘Oileán na hÉireann’. Ní hé gur ainm ‘oileán na hÉireann’, ach cur síos go díreach.

Mar sin, cé gur rugadh Máire Mhic Giolla Íosa in Éirinn dar le Bunreacht na hÉireann agus in ‘Northern’ Ireland’ dar leis an Ríocht Aontaithe, duine as ‘Northern Ireland’ a bhí inti agus í mar Uachtarán na hÉireann, cé nach raibh sé mar uachtarán ar na 26 Chontae amháin.

Bíonn caint an lae inniu sa Phoblacht faoi ‘Ireland agus Northern Ireland’, cur síos a bheadh maslach do mhuintir an Tuaiscirt ar fad.

Ar an lámh eile, dá n-úsáidfeá ‘an Phoblacht’ mar chur síos ar na 26 Chontae – maslach dar le roinnt daoine ó dheas, déarfadh siad gur ‘football team’ é Poblacht na hÉireann.

Ach níl sé sin iomlán cruinn ach an oiread.

Tagann an téarma ó hACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948. http://acts.oireachtas.ie/framed/1948.act.022.00.frameset.html

Deir alt a 2 de,

“Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.”

Mar sin de, cé gur ‘Éire’ an t-ainm atá ar an Stát dar le Bunreacht na hÉireann, níl sé iomlán mícheart cur síos a dhéanamh ar an stát sin mar Phoblacht na hÉireann.

Tabhair faoi deara gur ‘Poblacht’, ní ‘poblacht’ an téarma úsáidte sa reachtaíocht. Cur síos nó ainm mar sin?

Dearcadh pearsanta

Éire mar atá inniu

Éire mar atá inniu

Rugadh mise i bParóiste darb ainm Cluain Daimh i ndeisceart Chontae an Dúin. Dar liomsa, tá sé chomh seafóideach céanna chun a rá nach bhfuil Cluain Daimh in Éirinn is a bheadh sé a rá nach bhfuil Beirlín sa Ghearmáin, mar sin féin, bíonn a leithéid a mhaoímh.

Ar an lámh eile, bogann teorainneacha, athraíonn tiortha agus náisiúin fiú. Ar tháinig athrú ar an saol áfach.

An rud a chaithfeas muintir an Tuaiscirt, idir Thuaisceart-Éireannaigh, Éireannaigh, Ultaigh agus Briotánaigh ná go bhfuil an ceart ag an Stát ó dheas cibé ainm a ba mhaith leo a thabhairt orthu féin, is Cuma cé chomh seafóideach, fiú más ‘Tír na dTrokia’ nó ‘Éire’ féin é.

Cad a cheapfadh Éiru í féin den cheist nó ar cheart dúinn ‘Fodhla’ nó ‘Banba’ a thabhairt ar an oileán … nó an tír, an féidir linn a bheith cinnte anois?

Alt a 2 & 3 de Bhunreacht mar atá inniu.

Airteagal 2

Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann. Tá an teideal sin freisin ag na daoine go leir atá cáilithe ar shlí eile de réir dlí chun bheith ina saoránaigh d’Éirinn. Ina theannta sin, is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann.

Airteagal 3

1. Is í toil dhiongbháilte náisiún na hÉireann, go sítheach cairdiúil, na daoine go léir a chomhroinneann críoch oileán na hÉireann i bpáirt lena chéile, in éagsúlacht uile a bhféiniúlachtaí agus a dtraidisiún, a aontú, á aithint gur trí mhodhanna síochánta amháin le toiliú thromlach na ndaoine, á chur in iúl go daonlathach, sa dá dhlínse san oileán, a dhéanfar Éire aontaithe a thabhairt i gcrích. Go dtí sin, bainfidh na dlíthe a achtófar ag an bParlaimint a bhunaítear leis an mBunreacht seo leis an limistéar feidhme céanna, agus beidh an raon feidhe céanna acu, lenar bhain na dlíthe, agus a bhí ag na dlíthe, a d’actaigh an Pharlaimint a bhí ar mharthain díreach roimh theacht i gníomh don Bhunreacht seo.

2. Féadfaidh údaráis fhreagracha faoi seach na ndlínsí sin institiúidí ag a mbeidh cumhachtaí agus feidhmeanna feidhmiúcháin a chomhroinntear idir na dlínsí sin a bhunú chun críoch sonraithe agus féadfaidh na hinstitiúidí sin cumhachtaí agus feidhmeanna a fheidhmiú i leith an oileáin ar fad nó i leith aon chuid de. 

Posted in: Tuairim