Conas a éireoidh le fir Trapp anocht?

Posted on Márta 26, 2013 le

0



Shane Ó Curraighin

“Tabharfaidh mé dorn duit mura gcuireann tú críoch le d’iompair chúthaileach (ar an pháirc).’’ Giovanni Trapattoni  agus é ag  cur síos ar an rogha a thug sé  do James Mc Carthy ag seisiúin traenalá roimh  a chluiche cáilithe i gcoinne na hOstaire anocht.

Níos minice ná a mhalairt, bíonn greann le sonrú ag preas-ócáidí Trapattoni.  Ní dheachaigh  faoiseamh an ghrinn ar seachrán le linn an phlé faoin chomhraic chinniúnach atá os comhair fir na hÉireann san Aviva anocht.

Faoi mar a sheasann cúrsaí i ngrúpa D faoi láthair, tá Éireann  agus an Ostair ceangailte sa tríú háit ar sheacht bpointí – pointe taobh thiar den tSualainn atá sa dara háit sa ghrúpa. Tá rith an ráis ag an Ghearmáin  ach níl a dhath cinntithe fós faoin dara háit cháilithe sa ghrúpa.

“Caithfidh muid iarracht a dhéanamh an cluiche seo a bhuachan mar go bhfuil go leor cluichí fágtha againn go fóill. Ní mór dúinn fanacht taobh na Sualainne sa ghrúpa mar go bhfuil an Ghearmáin imithe rófhada chun tosaigh orainn,” arsa Trapattoni.

Tá Conor Sammon agus Glen Whelan ainmnithe in áit Captaen na foirne, Robbie Keane agus Paul Green, beirt a gortaíodh i gcluiche chomhscór an Aoine seo caite sa tSualainn.

Is é seo an tríú cluiche idirnáisiúnta ag Conor Samonn  a n-imríonn a chuid peile le Derby Couny.

Imreoidh an  tosaí taobh le Shane Long,  rogha conspóideach as siocair na tosaithe aitheanta Kevin Doyle (ar ais sa phainéil tar éis dó bheith fágtha ar lár do thuras na Sualainne) agus Wes Hoolahan a bheith fágtha i measc na gcúltaca.

Níor ghabh an Iodálach leithscéalta as Salmon a roghnú. “Tá an neart aige. Tá an luas aige agus d’imiTrapattoni_1r sé go maith sa chluiche deireanach.”

Lean Trapattoni leis, “Imreoir gasta atá i  Long fosta agus tá dhá tosaí ghasta de dhíth orainn mar níl a fhios againn cén stíl imeartha a bhéas ag foireann na hOstaire.  An gcuirfidh siad brú orainn nó an bhfanfaidh siad siar? Ní fios.”

Arís eile, fealsúnacht coimeádach an Iodálaigh a chur i réim na foirne. Níor éirigh le hÉirinn oiread agus cic ar chúl a aimsiú  i gcomhscór 0-0 s’acu sa tSualainn.

Maíonn Trapattoni go bhfuil an fhoireann anois ar bhóthar na maitheasa: “Léirigh na  himreoirí ceannasaíocht agus dearcadh dearfach sa tSualainn, táthar ag creideamh anois  go d’fhéadfaidís cáiliú don Chorn Domhanda.”

Foireann na hÉireann i gcoinne na hOstaire: Forde, Coleman, O’Shea, Clark, Wilson, Walters, Whelan, McCarthy, McClean; Sammon, Long

Cluiche Beo ar RTÉ 2 ag 7.45 i.n.

Posted in: Beatha