Bunreacht curtha ar ceal i bPoblacht na hAfraice Láir

Posted on Márta 27, 2013 le

0



AN AFRAIC : Tá bunreacht curtha ar ceal ag ceannaire reibiliúnach i bPoblacht na hAfraice Láir.

Ghlac an ceannaire reibiliúnach, Michel Djotodia, agus arm de 5,000 saighdiúir seilbh ar an bpríomhchathair Bangui agus an tír in ionsaí ar Bengui thar an deireadh seachtaine.

Is ceannaire é Djotodia ar ghrúpa darbh ainm Seleka. Is meascán de ghrúpaí éagsúla é Seleka as tuaisceart na tíre.rcamap

Thug Djotodia lánscoir d’institiúidí uile na tíre, an pharlaimint ina measc. Deir sé go mbeadh sé ag rialú na tíre ar feadh tréimhse trí bliana agus tar éis na  tréimhse sin beidh toghchán ann.

Tá an tír ar fionraí ó Aontas na hAfraice agus tá cáineadh déanta ag an Aontas Eorpach agus ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Ban Ki-moon.

Dár leis an NA tá na mílte tar éis teitheadh ón gcoimhlint go dtí tíortha máguaird.

Is iar-choilíneacht í Poblacht na hAfraice Láir de chuid na Fraince. Ó baineadh neamhspleáchas amach ón Fhrainc sa bhliain 1960 is tír ghuagach í agus is í ceann de na tíortha is lú forbartha ar domhan í.

Posted in: Nuacht