Deireadh an Earraigh i gClub Scannán Sailearna

Posted on Márta 27, 2013 le

1



COIS FHARRAIGE : Beidh séasúr an earraigh de chuid Chlub Scannán Sailearna teacht chun crích anocht ag leis an scannán ‘7 Lá i Havána’.

Beidh an scannán Cúbach seo le feiceáil ag 8:15 i.n i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.7-days-in-havana02

Club scannán é seo a thaispeánann scannán idirnáisiúnta seachas scannáin mhóra Bhéarla.

Sa scannán ‘7 Lá i Havána’, léirítear príomhchathair Chúba mar chathair atá lán de bheocht agus de spiorad, trí shúile 7 stiúrthóir scannáin a thaispeánann aon lá amháin den tseachtain i bpríomhchathair Chúba.

Baineann scéal difriúil le gach aon lá ach tá siad ar fad fite fuaite lena chéile. Feicimid cathair bheo bhríomhar ina bhfuil cultúir éagsúla agus atmaisféar iontach.

Má bhí tú riamh i gCúba beidh tú ag iarraidh an scannán seo a fheiceáil. Mura raibh, tar éis an scannáin a fheiceáil, beidh tú ag iarraidh dul ann.

Seo é an scannán deireanach don séasúr. Beidh an Club ag tógáil briseadh go dtí tús Dheireadh Fómhair. Mar is gnáth cead isteach saor in aisce dona baill agus € 7 ar an doras do dhaoine nach baill iad.

Tá níos mó eolais faoina scannáin, le fáil ón suíomh idirlíon http://www.clubscannan.ie nó ón mbróiséar don séasúr atá le fáil ar an nasc seo a leanas:

http://www.clubscannan.ie/priontailte/ClubScannan-SeasurAnEarraigh2013-isealtaifigh.pdf.

Posted in: Beatha, Nuacht