‘Misneach’ seolta

Posted on Márta 27, 2013 le

15



Bhí slua suntasach i láthair ag seoladh grúpa nua Gaeilge, Misneach, i mBaile Átha Cliath aréir.

Bhailigh thart ar 50 duine le chéile in Ionad Cois Teallaigh i gceannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara don ócáid.

Ag caint dó ag an seoladh dúirt duine de bhunaitheoirí Mhisneach, Fearghal Mac Ionnrachtaigh, go raibh ‘cultúr feachtasaíochta’ agus ‘guth radacach’ de dhíth ó phobal na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh ‘ciúnas’ ann le tamall anuas aon uair a bhuaileadh an pobal, mar shampla, i dtaobh na gciorruithe ollmhóra atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta,  scoileanna atá á dhúnadh agus diúltú na Roinne Oideachais ó thuaidh seirbhís bhus a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste. Tá gá le cur chuige radacach le dul i ngleic le dúshláin an phobail dar leis.

Mheabhraigh sé don slua a bhí i láthair go raibh ceannródaí Mhisneach sna 1960í, Mairtín Ó Cadhain, mar spreagadh mór ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste agus gur féidir le grúpa gníomhach ugach mór a thabhairt don phobal i gcoitinne.

Dar le Misneach léiríonn bunú an Údaráis, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus an stádas dlíthiúil atá bainte amach ag an teanga in Éirinn agus san Eoraip gur trí fheachtasaíocht láidir a bhaintear buanna amach do phobal na Gaeilge.

Chuir Mac Ionnrachtaigh bunú an ghrúpa i gcomhthéacs díchoilínithe agus athghabhála na tíre chomh maith.

Dar leis rinne an coilíniú ‘léirscrios síceolaíochta’ ar mhuintir na hÉireann agus tá an-chumhacht ag an scrios seo go fóill.

Dúirt sé go bhfuil Misneach mar chuid den phróiseas díchoilínithe agus nár cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar ‘chaitheamh aimsire’ gan baint ar bith aige le cúrsaí polaitíochta nó sóisialta.

Labhair an staraí Aindrias Ó Cathasaigh, nach bhfuil mar bhall de Mhisneach, ag an gcruinniú chomh maith.

Rinne sé cur síos ar an nasc a fheiceann sé i idir an Ghaeilge agus ceisteanna sóisialta.

Dar leis tá brú ar an nGaeilge toisc nach bhfuil meas ag an gcóras caipitleach ar an nGaeilge de bharr nach féidir brabús a dhéanamh as.

Ní chuireann an caipitleachas luach ar rud ar bith, teangacha ná cultúr ina measc, murar féidir brabús a dhéanamh astu, ar seisean.

Tá an éagóir atá á dhéanamh ar an nGaeilge fite fuaite san éagóir atá á dhéanamh ar ghrúpaí eile sa tír dar leis.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh lucht na Gaeilge ag tacú le feachtais agus le grúpaí eile atá ag stocaireacht in aghaidh na déine agus an mhíchothromais.

Mar shampla dúirt sé gur cheart do dhaoine atá buartha faoi chóiríocht i nGaelscoileanna  a bheith ag obair le scoileanna eile atá faoi mhíbhuntáiste.

Ag tagairt don chás a thug an Coimisinéir Teanga chun solais inar ghabh na Gardaí fear toisc gur labhair sé Gaeilge leo, dúirt sé gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge ag tacú le daoine eile a fhaigheann drochmheas ó na Gardaí, ar nós an lucht siúil, inimirceach nó daoine ó cheantracha den lucht oibre.

MisneachDúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, nár theastaigh uaidh go mbeadh siad ag labhairt Gaeilge.

Mhol sé cur chuige níos diongbháilte ó thaobh na teanga de ag rá gur éirigh le roinnt iarrachtaí anseo is ansiúd aon am a thugadh dúshlán an Stáit.

Dar leis b’fhearr don dá Stát sa tír nach mbeadh an Ghaeilge ann óir bheadh rudaí ‘níos simplí’ dóibh.

I ndiaidh na gcainteanna labhair roinnt daoine ón slua. Léirigh cúpla duine imní nár cheart daoine nach dtacaíonn le polaitíocht an ghrúpa a chur ón nGaeilge ach dúirt duine eile gur cheart go mbeadh sé ina ghluaiseacht shóisialach neamhbhalbh.

Beidh cruinniú ag Misneach Bhaile Átha Cliath i gClub na Múinteoirí Dé Céadaoin seo chugainn agus tá Misneach Bhéal Feirste chun imeacht sóisialta a eagrú ar 13 Aibreán.

Posted in: Nuacht