Páirc Uí Chrócaigh II diúltaithe ag an AMÉ

Posted on Márta 27, 2013 le

0



Deir Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ) gur dhiúltaigh 86% de bhaill an aontais le dréacht Comhaontú na Seirbhíse Poiblí.

tuiGhlac dhá thrian de bhaill páirt i vótáil trí bhallóid i rith mí na Márta.

Tá 14,500 baill ag an AMÉ agus tá idir mhúinteoirí agus léachtóirí mar bhaill acu.

 De bharr an toraidh seo, beidh an AMÉ ag vótáil i gcoinne an chomhaontaithe ag an gCoiste na hEarnáil Poiblí an mhí seo chugainn.

Deir an AMÉ nach mbeidh siad faoi cheangail ag an gcomhaontú, fiú má aontaíonn tromlach ball Choiste na hEarnáil Poiblí leis.

Is é an gnáthnós atá ann ná má ghlacann an tromlach leis an gcomhaontú go nglacann na haontais iomláin leis.

Pléifear tionchar an toraidh seo ag cruinniú ginearálta bliantúil an AMÉ atá á reáchtáil an tseachtain seo chugainn.

Posted in: Nuacht