Macalla chás Uí Chnáimhsí i dtostú na nGardaí

Posted on Márta 28, 2013 le

3



Tuairim le Danny Brown, Rann na Feirste

Tá sé fógartha go bhfuil cás le freagairt ag an cheathrar Sáirsint ón Gharda Síochána a shiúil amach as Comhdháil Bhliantúil an AGSI an tseachtain seo sular labhair an tAire Alan Shatter agus an Coimisinéir Martin Callinan.

Fógraíodh fosta go raibh an Coimisinéir Callinan ag iarraidh tuarascáil a fháil ar Gharda, nach raibh ar dualgas, a thug amach don Taoiseach Enda Kenny nuair a casadh an bheirt ar a chéile in guth-na-gaeltachtaollmhargadh le déanaí. Bhí físeán den díospóireacht idir an bheirt fhear le feiceáil ar You Tube agus ar Facebook ag na mílte duine.

Bhí an cás céanna á dhéanamh ag an chúigear ball den Gharda Síochána – go raibh ciorraithe an rialtais ag déanamh dochair don Gharda Síochána agus nach raibh siad sásta leis an bhealach ina raibh an fórsa ag oibriú fá láthair.

Tá cinneadh an Choimisinéara cás a thabhairt in éadan na nGardaí cáinte ag go leor daoine ar na haerthonnta le cúpla lá anu agus dúirt an AGSI go mbeadh siadsan ag seasamh leis na fir atá faoi scrúdú.

Rinneadh an pointe go minic ar an raidió agus ar an teilifís nach bhfuil sé ceart ná cóir ag an Aire smacht a chur ar na Gardaí de thairbhe nach mbeadh sé in ann an cineál sin rud a dhéanamh le státsheirbhíseach ar bith eile cionn is go bhfuil an chuid is mó acu ina mbaill de cheardchumann agus nach bhfuil an stádas sin ag an AGSI nó an GRA.

Ach déantar dearmad sa chaint seo gur tharla a leithéid roimhe seo le duine a bhí ag obair san earnáil phoiblí agus a cuireadh faoi smacht ag an Roinn a raibh sé ag obair di.

Bhí Dónall Ó Cnáimhsí ina urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta agus tá sé fostaithe mar gharraíodóir i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.

Mar urlabhraí do ghrúpa pobail, cháin sé polasaí an rialtais a bhain leis an phobal sin.

Dá thairbhe sin, fuair sé litir ón Roinn Comhshaoil ag inse dó nach raibh cead aige ráitis a chur amach ag cáineadh pholasaí na Roinne. Dá gcoinneodh sé leis ag eisiúint ráitis, bhí siad ag bagairt bata is bóthar a thabhairt dó.

Feiceann go leor daoine patrún anseo, nach bhfuil an rialtas sásta cead cainte a thabhairt do ghrúpaí agus do dhaoine nach n-aontaíonn leo agus go ndéanfaidh siad a oiread agus is féidir leo le iad a chur ina dtost.

Tá an cead cainte sin ina bhunchloch ag an daonlathas agus tá sé contúirteach cearta cáinte a bhaint de ghrúpa ar bith.

Posted in: Nuacht, Tuairim