Mná na hÉireann: Cá bhfuilid?

Posted on Márta 29, 2013 le

9



Tuairim le hEoin P. Ó Murchú

Tugaim suntas do easpa mhór ar an suíomh seo. Thugas suntas don easpa chéanna i ngluaiseacht na Gaeilge le tamall. Féach an suíomh seo, an bhfuil aon bhean tar éis scríobh dó fós?

An bhfuil aon bhean tar éis ráiteas a fhágáil ar na scéalta fiú? Ní go bhfios dom. Cá bhfuil sibh a mhná, ag léamh libh go socair nó gan a bheith ag glacadh páirte nó ag breathnú fiú?

Ní rud é seo a bhíonn i gceist le suíomh mar seo amháin ar an drochuair. Agus mé ag plé le roinnt coistí deonacha Gaeilge, is lú go mór na mná ar na coistí seo, tríd is tríd.

Fiú na coistí sin a bhfuil mná orthu, glacann na mná ról níos lú orthu ar an iomlán. Anois, seans go n-éiríonn seo ar fad as an gcéim síos a tugadh do mhná sa tsochaí go traidisiúnta is go bhfuil a laghad ann i ngeall air sin fós. Is deacair liom an argóint sin a chreidiúint i gcás an tsuímh seo áfach, cén fáth gur fir amháin a scríobh dó go dtí seo? Cén fáth gur pátrún róchoitianta é seo?

Ní luaim seo mar cháineadh ar mhná ach le sibh a ghríosadh chun gnímh seans, nó fiú le tuiscint a fháil ar an bhfáth go bhfuil cúrsaí mar atá.

Seans go ndéarfar go bhfuil lochtanna móra ar an suíomh seo agus nach bhfuil spéis ag baineannaigh cur leis ar an mbonn sin, agus seans go bhfuil fírinne ag roinnt leis sin arís eile. Is é mo thuairim mheáite, áfach, ná gur seo an gnáthscéal maidir le rannpháirteachas i rudaí áirithe/rudaí as Gaeilge.

Braithimse go nglacann mná ról roinnt mhaith níos teoranta ná fir i ngníomhaíochtaí mar seo, i réimse na Gaeilge ach go háirithe. Ar ndóigh tá fir ann nach ndéanann tada agus tá mná ann a chuirfeadh náire ort le méid agus le scoth a gcuid oibre ach is ag caint ar threocht atáim anseo. Is breá liom ailt ag mná a léamh ach is é a locht a laghad.

Mná na Dála

Tá an rialtas reatha tar éis cuótaí do mhná sa pholaitíocht a reachtú. Bainfear leath de mhaoiniú an stáit ó pháirtithe nach mbeidh 30% de na hiarrthóirí ina mná.

An bhfuil rian den easpa rannpháirteachais úd le braith sa pholaitíocht chomh maith seans?

Táim lánchinnte go bhfuil mná chomh maith nó níos fearr ó thaobh na hacadúlachta de, na clisteachta seans, ach sa réimse seo ní fheicim is ní bhraithimse ach folús de shórt.

Is eagal liom gur easpa spéise níos ginearálta, náire níos mó a bheith orthu nó níos lú de shástacht a bheith orthu an fód a sheasamh nó tuairim a léiriú.

An bhfuil fáth eile ann leis? Os a choinne sin an bhfuil meath uafásach mo bharúla orm, an ann dó seo in aon chor?

Leis an easpa nó an leibhéal laghdaithe rannpháirtíochta seo spreagtar fáinne fí de easpa spéise nó muiníne is fágtar gur annamh guthanna ban le clos.

Fágtar chomh maith go minic gur ag na fir a bhíonn an taithí a bheith ag plé le heagrú, coistí is araile. An iontas mar sin go mbeadh slua i bhfad níos líonmhaire fear sa Dáil agus sna comhairlí éagsúla?

Braithimse go bhfuil níos lú spéise ag mná na tíre seo sa pholaitíocht. Dá n-athrófaí sin d’athrófaí ionadaíocht na mban ar deireadh thiar measaim.

Baineann roinnt den easpa spéise sa suíomh seo leis an nGaeilge féin seans, braithim gur mó go mór na daoine atá an-láidir ar son na Gaeilge i measc na bhfear ná na mban.

Seans go bhfuil dul amú anseo ach arís eile, taibhsítear dom gur sin an fhírinne. An bhfuilim ar strae leis na tuairimí seo? An bhfuilim as compás ar fad leis na treochtaí atá luaite agam?

Is mac léinn é Eoin P. Ó Murchú. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ar twitter @murchadhmor, Má tá aon tuairim agat i dtaobh an ábhair seo nó aon cheann eile tá fáilte roimh fhreagraí is ailt. Tá scríbhneoirí de dhíth!

Posted in: Tuairim