Smaointí ar theagasc na Gaeilge

Posted on Márta 31, 2013 le

1



Eoin Ó Cróinín

TUAIRIM : Ós rud é go bhfuilim ag déanamh staidéir ar dhá theanga ar an ollscoil, tá an-suim agam sa gcaoi is fearr le teangacha a fhoghlaim.

Nuair a thosaigh mé sa chéad bhliain ní raibh mo chuid Fraincise thar moladh beirte, in ainneoin gur chaith mé sé bliana á ‘foghlaim’ ar scoil agus gur éirigh go maith liom inti san Ardteist.

Is ar éigean a bhí mé in ann comhrá bunúsach a dhéanamh inti agus ní raibh tuiscint ró-mhaith agam ar an teanga scríofa nó labhartha, gan trácht ar í a scríobh mé féin. Is dócha gur mar gheall ar an gcaoi inar múineadh í ar scoil go raibh mo chumas inti chomh lag sin, nuair a cheapfá go mbeadh eolas agus cumas maith agam inti i ndiaidh dom an méid sin ama a chaitheamh léi ar scoil.

I ndiaidh dom roinnt mhaith fiosrúcháin agus machnaimh a dhéanamh ar an tslí is fearr le teanga eachtrannach a fhoghlaim (agus caithfimid an Ghaeilge a mheas mar theanga eachtrannach d’fhoghlaimeoirí ar scoil lasmuigh den Ghaeltacht), tuigim anois gur chuir mé an-chuid ama amú ar scoil ag plé leis an bhFraincis, agus is amhlaidh a bhí agus atá do na mílte dalta gach bliain sa chóras tb_1920x1080scolaíochta.

Sílim go bhfuil roinnt mhaith cúiseanna ann nach n-éiríonn le teagasc na dteangacha ar scoil. I dtosach báire, níl mórán suime ag daltaí meánscoile teanga a fhoghlaim ag an aois atá acu, agus sílim gur mar thoradh ar an gcaoi a múintear teangacha ar scoil atá cuid den mhilleán don easpa suime seo.

Ar scoil déantar staidéar ar theangacha don chuid is mó toisc gur gá  ceann nó dhó díobh a dhéanamh don teastas sóisearach agus don ardteist. Na daoine is fearr a éiríonn leo teanga áirithe a thabhairt leo tá an-dúil acu an teanga a fhoghlaim ar chúis éigin.

Tá mórán cúiseanna ann a spreagann daoine i mbun teanga a fhoghlaim: post a aimsiú i dtír na teanga, suim i gcultúr nó litríocht na teanga, cúrsaí grá, bá le muintir na teanga, srl. Sílimse féin nach bhfuil a leithéid de chúiseanna ag mic léinn méanscoile le teanga a fhoghlaim.

Is minic go mbíonn siad ró-óg le cúiseanna den chineál sin a bheith acu, agus is minic, mar sin, nach dtugann siad aire ar bith sa rang Fraincise nó Gearmáinise agus go dtosaíonn siad ag samhlú na teanga le ceachtanna leadránacha gramadaí nó le comhráite amaideacha faoin méid a tharla do Hans nuair a chuaigh sé chuig an bpictiúrlann an deireadh seachtaine seo caite leis an gcara is fearr leis.

Ar ndóigh, bíonn corrdhalta ann a chuireann suim i dteanga ach ní mhúsclaítear a shuim sa teanga ar scoil – is dócha go bhfuil tuistí aige a spreagann é nó go raibh an t-ádh air go ndeachaigh sé ar saoire chuig tír na teanga. Ach in ainneoin seo is dócha nach gcuirfear deireadh le múineadh na dteangacha ar scoil agus caithfear slite a aimsiú chun daltaí a spreagadh sa seomra ranga.

Sa teangeolaíocht déantar idirdhealú anois idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga. Is próiséas é an ‘sealbhú teanga’ a tharlaíonn i ngan fhios duit: sealbhaíonn tú teanga trí bheith ag éisteacht léi agus trí bheith á léamh.

Ar an láimh eile, foghlaimíonn tú teanga go comhfhiosach trí staidéar a dhéanamh uirthi. Aithnítear anois go dtógaimid linn timpeall 90/ 95% de theanga trína sealbhú agus 5/ 10% trína foghlaim. Ós rud é go n-aithnítear an difríocht idir sealbhú agus foghlaim teanga, cheapfá go ndéanfaí ranganna teanga a dhíriú ar an sealbhú don chuid is mó.

Ach ní amhlaidh atá, in Éirinn ar aon chaoi. Ar an drochuair, dírítear ar an bhfoghlaim ar scoil i bhfoirm ceachtanna gramadaí a dhéanamh agus liostaí foclóra nó briathra a chur de ghlanmheabhair.

Is cuimhin liom go mbíodh scúduithe rialta agam féin ar rangú na mbriathra Fraincise ar scoil. Obair in aisce is ea é seo: caithfear na brithra a fheiceáil i gcomhthéacs lena n-ionsú i gceart.

Cur amú ama is ea an cineál seo scrúdaithe mar sin: bheifí i bhfad níos fearr as daltaí a chur ag léamh ábhair a bhfuil suim acu ann, agus féadfaidh siad foirmeacha na mbriathra a ionsú i ngan fhios dóibh agus iad á dhéanamh.

Cé acu atá níos suimiúla: úrscéal bog taitneamhach a léamh nó liosta briathra a chur de ghlanmheabhair? Baineann leadrán le ranganna teanga i láthair na huaire, mar sin.

D’fhéadfaidís a bheith i bhfad níos taitneamhaí agus d’fhéadfadh na daltaí i bhfad níos mó den teanga a thabhairt leo dá ndíreofaí ar an sealbhú teanga trí ábhar éisteachta suimiúil a chur ar fáil agus iad a chur ag léamh rudaí a bhfuil dúil acu féin a léamh as teann suime.

Tá rud amháin cinnte – ba cheart níos lú béime a chur ar cheachtanna gramadaí agus ar fhoghlaim liostaí foclóra agus briathra. Ní hé sin le rá nár cheart an ghramadach a mhúineadh ar chor ar bith – tá sí úsáideach má tá a dóthain den teanga sealbhaithe agat le teacht i dtír uirthi, nó más duine tú a bhfuil modh smaointeoireachta anailíteach agat a thugann grá faoi leith duit don ghramadach (na daoine sin a théann a luí le Graiméar na mBraithre Críostaí, faoi mar a deir Tadhg Mac Dhonnagáin).

Ar ndóigh, an t-idirdhealú seo idir sealbhú agus foghlaim ba cheart do mhúinteoirí Gaeilge aird a thabhairt air freisin agus na ranganna Gaeilge a athrú dá réir. Sílim go bhfuil rudaí áirithe a d’fhéadfadh múinteoirí a dhéanamh le cabhrú le daltaí an teanga a shealbhú.

Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ná ábhar léitheoireachta suimiúil a chur ar fáil do dhaltaí agus rang amháin in aghaidh na seachtaine a thabhairt suas don léitheoireacht.

Bheadh cead ag na daltaí rud ar bith a léamh sa Ghaeilge ar feadh an ranga agus aon cheisteanna atá acu i dtaobh na gramadaí nó an fhoclóra d’fhéafaidís ceist a chur ar an múinteoir.

Ba cheart don ábhar léitheoireachta a bheith suimiúil agus so-thuigthe, dhá rud atá deacair a aimsiú in éineacht san aon leabhar amháin, ach tá go leor úrscéalta Gaeilge ann do dhéagóirí agus caithfidh cuid acu a bheith réasúnta suimiúil!

Tá greannáin ann sa Ghaeilge freisin, rudaí a bheadh oiriúnach do na ranganna sóisearacha. Ar ndóigh, beidh cumais éagsúla ag daltaí éagsúla i dteanga ar bith, agus bheadh ábhair léitheoireachta ar leibhéil éagsúla ag teastáil, agus bheadh an dualgas ar an múinteoir cabhrú le gach dalta leabhar oiriúnach a aimsiú.

Posted in: Tuairim