Browsing All Posts published on »Aibreán, 2013«

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Aibreán 30, 2013 le

0

  Reáchtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna le linn deireadh seachtaine fada na Bealtaine. Déanann an fhéile seo ceiliúradh ar an amhránaí sean-nóis as an gceantar a bhain caill mhór amach i Sasana, Alba agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhásaigh sé é i Seattle i 1984 agus tá sé curtha ina cheantar dúchais. Tá an […]

13 Marbh san Damaisc

Aibreán 30, 2013 le

0

An tSiria : Dar le teilifís stáit na Siria, tá ar a laghad 13 dhuine marbh agus 70 gortaithe tar éis gur phléasc buama-cairr i lár na Damaisce. Tharla an eachtra i gceantar Marjeh, ceathrú stairiúil den chathair. Tharla sé gar d’fhoirgneamh ina raibh an t-Aireacht Gnóthaí Baile lonnaithe – níl sé ansin a thuilleadh […]

Reifreann ar Éire Aontaithe ar na bacáin

Aibreán 30, 2013 le

6

Beidh reifreann ar Éire Aontaithe go luath – i bparóiste an Chreagáin, atá ar an dá thaobh den teorainn. Beidh an feachtas seo á sheoladh I gCrois Mhic Lionnáin, Ard Mhacha Theas, Dé hAoine beag seo. Beidh an reifreann féin, ‘reifreann na ndaoine’ mar atá an lucht eagraithe ag tabhairt air, ar siúl ar 25ú […]

Rún Shinn Féin ar phósadh aonghéis buailte

Aibreán 29, 2013 le

1

Vótáil 42 BT i bhfách le pósadh aonghnéis as 95 BT a bhí i láthair  i dTionól an Tuaiscirt tráthnóna. Bhíodar ag vótáil ar rún de chuid Shinn Féin a mhol reachtaíocht a dhéanfadh dleathach pósadh aonghnéis. Beag beann ar an toradh, níorbh fhéidir go n-éireodh leis an rún seo mar bhí sé ráite cheana […]

Ginmhilleadh chun tosaigh

Aibreán 29, 2013 le

13

Anailís le Ciarán Dúnbarrach Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh. Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin. Inné sa ‘Sindo’, […]

Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin!

Aibreán 29, 2013 le

0

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha Daichead bhliain ó shoin, an Fómhar seo chughainn, bhí imní faoi stáid cúrsaí peile i mBaile Átha Cliath comh mhór sin go raibh réiteach na faidbhe ag dó na geirbe ag muintir rialúcháin Pháirc an Crócaigh. Bhí  a fhios ag Páirc an Crócaigh mura mbeadh foireann na príomhchathrach i […]

Duais do ‘Scéal na Gaeilge’

Aibreán 25, 2013 le

0

PREASRÁITEAS  Tá an duais don tsraith is fearr sa rannóg ‘factual entertainment’ ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag Scéal na Gaeilge, dhá chlár faisnéise a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann. Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith […]