Campaí Samhradh i Loch Garman

Posted on Aibreán 1, 2013 le

0



Tá an Tobar lonnaithe in Ionad Oidhreachta Loch Garman, thuas.

Tá an Tobar lonnaithe in Ionad Oidhreachta Loch Garman, thuas.

Beidh an grúpa pobail, Na Macallaí, ag eagrú campaí samhraidh in ionad an Tobar, Baile Loch Garman, i Mí Iúil.

Is do dhaltaí bunscoile agus méanscoile na campaí siúd agus beidh an bhéim ar an nGaeilge labhartha le linn na gcúrsaí.

Deir an grúpa go mbeidh neart imeachtaí ann idir spóirt, cluichí, ceol agus go leor eile.

Maireann na campaí cúig lá agus tá ceithre chúrsa ar siúl in iomlán, dhá cheann do dhaltaí bunscoileanna agus dhá cheann do dhaltaí meánscoile.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar 087 913 5271 nó ag campa@lochgarman.ie.

Posted in: Nuacht