F22-annaí curtha go dtí an Chóiré

Posted on Aibreán 1, 2013 le

0



Tá teannas ag ardú i gcónaí i leithinis na Cóiré agus tá trodaire aerbhairr an F22 ‘Raptor’ curtha ag Stáit Aontaithe Meiriceá go dtí an Chóiré Theas.

Chuir SAM go mór le teannas sa réigiún nuair a rinneadh cluichí cogaíochta sa spéir os cionn na Cóiré Theas leis na buamadóirí B52 agus B2 an mhí seo caite.An F22 'Raptor'

Tá rialacha aontaithe comhraic de chuid na Cóiré Theas athraithe anois áfach, ní bheidh aon ghá acu cead a fháil ó rialtas s’acu chun troid ar ais má dhéanann an fórsaí an tuaiscirt aon ionsaí orthu.

Cé go bhfuil an Chóiré Thuaidh ag bagairt cogaidh i gcónaí, ní chreideann mórán anailíseoirí go bhfuil siad dáiríre.

Cé go bhfuil fórsaí armtha ollmhóra ag an Chóiré Thuaidh, tá siad dhá ghlúin taobh thiar de SAM agus an Chóiré Theas ó thaobh teicneolaíochta míleata de agus is beo bocht atá an tír i gcónaí.

Mar sin féin, tá diúracáin núicléacha ag an Chóiré Thuaidh, de bhrí sin is ábhar buairimh don saol ar fad go bhfuil teannas ag ardú idir an dá Chóiré.

Tá an Chóiré Thuaidh ag maíomh go mbeidh siad sásta airm núicléacha a úsáid. Tuigtear nárbh fhéidir le diúracán ar bith de chuid na Cóiré Thuaidh aon áit ar mhórthír SAM a bhaint amach amháin Alasca.

Bheadh an Chóiré Theas, an tSeapáin agus bunáiteanna éagsúla de chuid SAM i raon na ndiúracán seo áfach.

Dar le gníomhaíocht nuachta na Cóiré Thuaidh;

It has been disclosed that the U.S. imperialist aggressor forces have been drastically reinforced in the last one to two years in south Korea against the backdrop of their reckless war moves against the DPRK, stunning public at home and abroad.”

The U.S. forces in south Korea have been reinforced by troops equal to one division in one to two years. The U.S. is mulling steadily introducing ultra-modern war hardware into it. This is a very dangerous move to ignite a nuclear war on the Korean Peninsula at any cost.”

Tá sé ráite ag fórsaí SAM sa Chóiré Theas;

US command in S. Korea explained earlier this month that, “despite challenges with fiscal constraints, training opportunities remain important to ensure US forces are battle-ready and trained to employ airpower to deter aggression, defend the ROK and defeat any attack against the alliance.”

Go teicniúil, tá staid cogaidh ann idir an dá Chóiré ann ó bhí 1950 ann, cé gur cuireadh sos cogaidh i bhfeidhm, níor síníodh aon chomhaontú síochána riamh.

Posted in: Nuacht