Bláthnaid Ní Chofaigh i measc na nAinmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Posted on Aibreán 2, 2013 le

0



PREASRÁITEAS :  Tá an craoltóir aitheanta, Bláthnaid Ní Chofaigh, i measc na ndaoine atá ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a fógraíodh inniu.  Tá sí ainmnithe sa chatagóir Aisteoir na Bliana. Cé go bhfuil taithí fada ag Bláthnaid mar láithreoir teilifíse, is i mbliana den chéad uair a chuaigh sí le haisteoireacht agus í sa ról Maeve Kelly-Clarke, an bhean teasaí in “Crisis Eile” ar TG4.1205_oir_300

Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag Oíche Gala in Óstán Galway Bay, Dé hAoine, 17 Bealtaine 2013, agus beidh craoltóir nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, ar ais arís ina ról mar Fhear an Tí na hócáide. Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.

 I mbliana freisin tá catagóir nua ann don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, agus roghnóidh painéal moltóirí an buaiteoir áirithe seo. I measc na láithreán atá ainmnithe don chatagóir tá an suíomh eolais Gaeilge www.gaelport.com, an iris mhíosúil ar líne www.beo.ie agus an láithreán gréasáin físiriseoireachta www.meoneile.ie.

Tá an scannán faisnéise “Lón sa Spéir” a rinne Sónta Teo. chun scéal an ghrianghraif ‘Men at Lunch’ a tógadh i Nua-Eabhrac a insint in iomaíocht le “Súil Siar ar Mise Éire”, clár faisnéise a bhreathnaíonn ar scannán clúiteach George Morrison do Clár Teilifíse na Bliana.

Beidh an tsraith “Imeall”, le Red Shoe Productions, a dhéileálann le cúrsaí ealaíne agus an tsraith faisnéise “Rónán ar an Camino” in iomaíocht lena chéile do Sraith Teilifíse na Bliana. Tá an tuairisceoir Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4/RTÉ i measc na ndaoine atá ainmnithe do Craoltóir Teilifíse na Bliana chomh maith le Dara Ó Cinnéide, iar-chaptaen fhoireann peile Chiarraí dá chlár “Seó Spóirt” ar TG4.

 

“Cé go raibh ciorruithe móra sna meáin chumarsáide Gaeilge le bliain anuas níor maolaíodh beocht ná fuinneamh ná cruthaitheacht na hearnála” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Chuir an dul chun cinn sa teicneolaíocht ar chumas na hearnála forbairt a dhéanamh agus bhain pobal na Gaeilge úsáid fíor-éifeachtach as na deiseanna a bhí ar fáil dá bharr. Is ar an gcúis sin a bheimid ag bronnadh gradam nua i mbliana, gradam do Láithreán Gréasáin na Bliana,” a deir sé.

 

Tá Cormac Ó hEadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh an clár tráthnóna a bhíonn aige gach lá “Cormac ag a Cúig” do Sraith Raidió na Bliana agus tá sé in iomaíocht freisin don teideal Craoltóir Raidió na Bliana.

 

Tá géariomaíocht sa chatagóir Aisteoir na Bliana agus tá Bláthnaid Ní Chofaigh i gcomórtas le haisteoirí “Ros na Rún”, Tara Breathnach agus Linda Bhreathnach, chomh maith le Kelly Gough ó dhráma RTÉ “Raw” atá ainmnithe don ról atá aici sa dráma is déanaí atá ag TG4, “Scúp”. In éineacht le Kelly sa chatagóir seo tá a comhaisteoir Donncha Crowley dá ról mar Cormac sa tsraith.

 

Beidh an dá cholúnaí a scríobhann don leathanach Gaeilge a bhíonn san Irish Times gach seachtain ‘Bileog’, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pól Ó Muirí, in iomaíocht lena chéile sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Máirtín Ó Catháin agus Conall Ó Móráin atá ainmnithe sa chatagóir céanna sin.

 

Údarás na Gaeltachta atá ag déanamh urraíochta ar na gradaim arís i mbliana.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications      T: 01 6770630 / 086 3375050       R: una@stillwater.ie

Natasha Fennell, Stillwater Communications      T: 01 6770630                  R: natasha@stillwater.ie

 

Féach ar an aguisín iniata le haghaidh liosta iomlán na ndaoine atá ainmnithe.

 

1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Litir ó Mháirtín Jaimsie             Abú Media do TG4

An Féidir Linn                            Bóthar Ard do TG4

Lón sa Spéir                              Sónta Teo. do TG4

Súil siar ar Mise Éire                  Midas Productions  do TG4

2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Turas Húicéara                          Léirithe DMCI         do TG4

Imeall                                       Redshoe Productions do TG4

Bliain in Árainn Mhór                 Power Pictures do TG4

Rónán ar an Camino                           Waddell Media do TG4

 

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Tristan Rosenstock                    Imeall

Máire Treasa Ní Dhubhghaill       Ponc/ Rugbaí Beo

Rónán Mac Aodha Bhuí              Rónán ar an Camino

Seán Mac an tSíthigh                 Nuacht TG4/RTÉ

Dara Ó Cinnéide                        Seo Spóirt

 

4. AISTEOIR NA BLIANA

Tara Breathnach                        Tina O’Dowd, Ros na Rún

Donncha Crowley                      Cormac, Scúp

Linda Bhreathnach                     Róise de Búrca, Rós na Rún

Kelly Gough                               Alix, Scúp

Bláthnaid Ní Chofaigh                Maeve Kelly Clarke, Crisis Eile

 

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac ag a Cúig                      RTÉ Raidió na Gaeltachta

Spioradáltacht ar Leith              Raidió na Life

Splanc                                       Newstalk

Blas                                          BBC Raidió Uladh

Rónán Beo @ 3                          RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac Ó hEadhra                              RTÉ Raidió na Gaeltachta

Siobhán Seoighe                                  Raidió na Life

Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha          RTÉ Raidió na Gaeltachta

Orla Nic Cárthaigh                               Raidió Rí-Rá

Eibhlín Ní Chonghaile                          RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Seán Tadhg Ó Gairbhí                Comhar, Irish Times

Máirtín Ó Catháin            Gaelscéal/An Curadh Connachtach/Galway Advertiser

Pól Ó Muirí                                Irish Times

Conall Ó Móráin                        Gaelscéal

 

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.gaelport.com                                                Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

www.beo.ie                                                 Oideas Gael

www.raidionalife.ie                                      Raidió na Life

www.meoneile.ie                                         Below the Radar

http://www.tg4.ie/ie/programmes/cula4.html        TG4

Posted in: Nuacht