Gaelscoil amháin molta, 22 scoil do Educate Together

Posted on Aibreán 2, 2013 le

0



Cearnóg Emmet, Biorra.

Cearnóg Emmet, Biorra.

Tá sé molta ag an Roinn Oideachais go n-osclófaí bunscoil lánGhaeilge i mBiorra, Contae Uíbh Fáilí.

Bunaíodh an moladh ar shuirbhéanna a rinneadh in 38 ceantar timpeall na Poblachta. Tar éis dóibh na torthaí a scagadh dúirt an Roinn go bhfuil go leor éileamh ann chun 22 bunscoil de chuid Educate Together a oscailt.

Tá bunscoileanna lánGhaeilge i 30 ceantar cheana féin.

Léirigh suirbhé a rinne Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann in 2001 go gcuireadh 25% do thuismitheoirí a bpáistí chuig Gaelscoil dá mbeadh an rogha acu.

Deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta go bhfuil an-áthas ar an eagraíocht “gur aithin suirbhé na Roinne ar thuismitheoirí an t-éileamh ollmhór atá ar oideachas lánGhaeilge i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí.”

“D’aithin an suirbhé go bhfuil éileamh mór ar oideachas lán-Ghaeilge i gceantair éagsúla; Mullach Íde, Na Sceirí agus Port Mearnóg i mBaile Átha Cliath san áireamh.”

Dúirt sé go raibh tuismitheoirí i mBiorra ag obair le fada chun scoil lánGhaeilge a fháil agus go raibh ríméad air gur éirigh leo.

“Tá An Foras Pátrúnachta ag súil go mór bheith ag obair leis an Eaglais Chaitliceach sa phróiseas seo. Is léir ó na torthaí eile sa tsuirbhé go bhfuil éileamh láidir d’oideachas lánGhaeilge timpeall na tíre.

“Is léir freisin go bhfuil éileamh ann don mhúnla atá á sholáthar ag An Foras Pátrúnachta. De réir tuarascáil na Roinne, bhí éileamh idir 4% agus 31% ar oideachas lánGhaeilge sna ceantair éagsúla.

“Luíonn sé seo leis an méid atá a chur in iúl ag An Foras Pátrúnachta ó thús an phróisis. Tá cearta ag na tuismitheoirí agus daltaí seo agus tá dualgas oideachas lánGhaeilge a sholáthar dóibh.

“Tá iarracht déanta ag an Roinn Oideachais cothrom na Féinne a chinntiú sa tsuirbhé ach braitear nach é seo an múnla chun freastal ar thuismitheoirí nach bhfuil mar chuid den tromlach. Cad mar gheall ar na tuismitheoirí  a roghnaigh oideachas lánGhaeilge sna ceantair éagsúla?”

Dúirt Ó hEaghra  gur chuir an Foras Pátrúnachta na buarthaí seo in iúl don Roinn Oideachais sula ndearnadh an suirbhé ar chúig cheantar píolótach agus arís nuair a foilsíodh na torthaí ó na ceantair sin.

“Mar an t-aon phátrún lán-Ghaeilge, beidh An Foras Pátrúnachta ag cur in iúl don Roinn ár n-imní go bhfuil faillí á dhéanamh ar phaistí, ar thuismitheoirí agus ar cheantair mura bhfuil an próiseas chun cinntiú go bhfuil aitheantas á thabhairt dóibh agus a mianta. Is gá féachaint ar cheist na Gaeilge agus ar na scoileanna lánGhaeilge go comhtháite.

“Tá sé soiléir nuair a fhaigheann daltaí agus tuismitheoirí oideachas lánGhaeilge go n-aithníonn siad na buntáistí agus go bhfuil siad rí-shásta leis an múnla. Tá sé soiléir freisin nuair a éiríonn leis An Foras Pátrúnachta tuismitheoirí  a chur ar an eolas faoin múnla seo go roghnaíonn siad é dá bpáistí.”

Posted in: Nuacht