‘Cead deireanach’ faighte chun SAM a ionsaí

Posted on Aibreán 3, 2013 le

0



Dar le hArm na Cóiré Thuaidh, tá an ‘cead deireanach’ acu chun ionsaí núicléach a dhéanamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

thaad_1

THAAD – Terminal High-Altitude Area Defence

Dar le gníomhaíocht nuachta an Stáit sin;

“The merciless operation of (our) revolutionary armed forces in this regard has been finally examined and ratified.”

Tháinig an ráiteas seo amach tar éis do SAM a léiriú go bhfuil siad dul ard-chóras cosanta diúracáin a lonnú in Guam, oileán faoi smacht ag SAM san aigéan ciúin.

Tuigtear gur $800,000 an costas ar cheann amháin de na batairí seo.

Is é Guam an bhunáit mhíleata is tábhachtaí dá bhfuil ag SAM sa réigiún agus tuigtear gur féidir le diúracáin na Cóiré Thuaidh an t-oileán a shroicheadh.

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht