Saoirse an Phreasa i mBurma ag feabhsú?

Posted on Aibreán 3, 2013 le

0



Is léir go bhfuil saoirse an phreasa ag feabhsú i mBurma agus ceithre nuachtáin laethúil príobháideacha ag teacht ar an bhfód an seachtain seo.Web

Tá cead faighte ag comhlachtaí príobháideacha nuachtáin a fhoilsiú sa tír den chéad uair le 50 bliain. Ghlac an rialtas míleata seilbh ar na nuachtáin neamhspleácha sa bhliain 1964 agus níor tugadh ceadúnas le haghaidh nuachtáin príobháideach arís go dtí 2012.

Deir foras faire domhanda na meáin chumarsáide Tuairisceoirí gan Teorainn, a dhéanann rangú ar saoirse an phreasa ar fud an domhain, go bhfuil Burma ag ardú ar an liosta le roinnt blianta anuas de bharr athchóirithe sa tír. Faoi láthair tá Burma sa 151ú háit as 179 tír, chun cinn ar Mheicsiceo (153ú) agus an Tuirc (154ú).

Tá rialtas Bhurma i mbun próiséas mall chun daonlathas a chur i bhfeidhm sa tír agus is iad na hathchóirithe a bhaineann leis na meáin ceann de na céimeanna chun daonlathais.

Níl an rialtas sásta saoirse iomláin a thabhairt do mheáin na tír, áfach, tá ceadúnas ón rialtas de dhíth chun nuachtán a fhoilsiú agus tá athnuachan le déanamh ar an gceadúnas sin go rialta.

Posted in: Nuacht