“Trí fhórsa olc” le cur faoi chos in Xinjiang

Posted on Aibreán 4, 2013 le

0



Dar le cathaoirleach rialtas réigiúnach Xinjiang, atá faoi smacht na Síne, go ndéanfaidh an réigiún a seacht ndícheall chun “trí fhórsa olc” a chur faoi chos, “scarúnachas, antoisceachas agus sceimhlitheoireacht.”

Xinjiang_in_China_(de-facto).svgTá sé ar intinn ag an rialtas an réigiúin cur le “bainistíocht” chúrsaí creidimh in Xinjiang le dlíthe úra.

Cuirfidh Xinjiang polasaí saoirse creidimh i bhfeidhm go dáiríre agus déanfar gníomhaíochtaí creidimh a stiúradh chun cloí le sochaí sóisialach,” a dúirt an cathaoirleach cumannach.
Tá tuairim ar 41.5% de mhuintir na tíre ina n-Uigiúirí, agus tá an chuid is mó acu sin ina Moslamaigh.

Tugann roinnt mhaith de mhuintir na tíre ‘An Tuirceastáin’ ar an tír.
Tá éirí amach ar bun in Xinjiang le blianta fada.

Posted in: Nuacht