Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge?

Posted on Aibreán 5, 2013 le

9



Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge? Dar ndóigh, ní féidir linn an cheist sin a fhreagairt go baileach ach is féidir linn a thaispeáint cá bhfuil lucht léite an tsuímh seo.

lucht léite na Gaeilge

Cá bhfuil lucht léite na Gaeilge? Dar ndóigh, ní féidir linn an cheist sin a fhreagairt go baileach ach is féidir linn a thaispeáint cá bhfuil lucht léite an tsuímh seo.

Rud amháin a léiríonn na staitisticí ná go bhfuil an chuid is mó dar lucht léite in Éirinn (Poblacht na hÉireann), ní nach ionadh.

Sa dara háit tá an Ríocht Aontaithe, arís, ní nach ionadh mar clúdaíonn na figiúirí sin na Sé Chontae.

Ach tá sé suntasach go bhfuil go leor daoine ag léamh an tsuímh i SAM, áit a bhfuil go leor Gaeil is Gaeilgeoirí i gcónaí is léir.

Mar sin, scríbhneoirí de dhíth orainn – go hairithe ó na tíortha thíos!

Tír – Radharcanna

Poblacht na hÉireann – 8,545

An Ríocht Aontaithe (Na Sé Chontae san áireamh) -2,682

Stáit Aontaithe Meiriceá – 635

An Ghearmáin – 151

An Spáinn – 127

Hong Kong- 80

An Astráil – 71

An Fhrainc – 69

Ceanada – 62

An Iodáil – 48

An Bheilg -47

An tSeapáin – 36

An Rúis – 34

Oileán Mhanainn – 28

Posted in: Nuacht