MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil

Posted on Aibreán 5, 2013 le

5



Feargal Mac Ionnrachtaigh
Bhí fuinneamh spreagúil agus atmaisfeár déarfach le mothú ag an chruinniú poiblí a d’eagraigh díograiseoirí teanga i mBáile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Fograíodh go raibh grúpa úr feachtasaíochta tagtha ar an tsaol agus aidhm acu guth radacach a sholáthar do phobal na Gaeilge in Éirinn.
D’éist timpeall leathchéad daoine liomsa féin is an staraí iomráiteach Aindrias Ó Cathasaigh ag caint ar na modhanna streachailte is oiriúnaí d’athghábhail na Gaeilge sa mhílsaois úr.
Bhí plé fonnmhar ina dhiaidh i measc an tslua agus ba shoiléir go raibh aontas forleathan ann go bhfuil gearrghá le gluaiseacht Gaeilge atá neamhpléach ar mhaoiniú stáit, is saor ón pholaitíocht pháirtí.Misneach
Is nuair a roghnaigh na díograiseoirí teanga an t-ainm MISNEACH, gur léirigh siad ómós don siombálachas agus polaitíocht chumhachtach a craobhscaoil na ceannródaithe cróga a chuaigh roimpú.Nuair a bunaíodh MISNEACH sna seascaidí le Máirtín Ó Cadhain et al i lár baire agus ag fógairt go neamhbhalbh gurb ionann ‘athghabháil na Gaeilge agus athghabháil na tíre’, bhí se le tuiscint go soiléir go raibh siad toilteanach dushlán an dá stát a ghlacadh maidir leis an teip leanúnach i dtaobh athréimniú na Gaeilge agus cothrom na féinne don Ghaeltacht.

Léirigh siad le gníomh radacach go dtiocfadh splanc mhisnigh á spreagadh sa chéad ghlúin eile agus brú déarfach a chuir ar an húdárais beart a dhéanamh de réir a mbriathair. Thaispeáin siad gur ón bhun aníos a thagann na forbairtí is suntasaí in athbheochan na teanga.

Spreag siad baicle de Ghaeil óga feirsteacha ó Chumann Chluain Aird a bhunaigh Gaeltacht Uirbeach agus scoil dá gcuid féin ónar eascair an t-atbhbheochan pobalbhunaithe sna sé contae. Bhí mána an Cadhanaigh i gcluasa Ghaeil Óga na Gaeltachta, chomh maith, nuair a bhunaigh siad staisiún Raidió dá chuid féin is iad ag náiriú Rialtas an tSaorstáit chun freastal ar mhianta is cearta phobal na Gaeilge.

Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag streachailt na teanga le bliantaí beaga anuas, is léir go bhfuil bóthar fada corraitheach le taisteál againn go fóill le contúirtí an domhandaithe is nosmhaireacht an bhéil bháin i measc bunaíochta na tíre seo ina mbagairtí fhollasacha ag fís athghabhála s’againn.

Bíodh is fhogair Rialtas an saorstáit ‘polasaí cuimsitheach’ i leith na Gaeilge frí stráitéis 20 bliain don teanga, don chéad uair i stair an stáit, bréagnaíodh na committmintí láithreach le ciorruithe tromchúiseacha ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta; cuíchoiriú ar eagraíochtaí Gaeilge; moladh ón Rialtas chun oifig an choimisinéara teanga a dhúnadh mar oifig neamhspleách agus a cúraimí a bhogadh chuig oifig an Ombudsman agus deireadh a chur le deontas  na nÁbhar Oidí a bhí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais 3 seachtaine sa Ghaeltacht

Sa Staitín tuaisceartach, tá se feicthe ag pobal na Gaeilge go mion minic nach raibh ach ‘aer te’ sa ‘ré úr’ ar gealladh dúinn leis an t-íosmhéid cosanta, tacaíochta agus forbartha don teanga taobh istigh de theorainneacha an tionscadail réitithe coimhlinte a d’eascair ó phróiseas na síochána anseo ó thuaidh.

Áit a gcaiteár le Gaeil mar shaoránaigh den dara grad is bhagrófaí ar Chomhairle daonlathach go gcaillfídís maoiniú stáit ón Bhord Turasóireachta murach go bhfuil comharthaí turasóireachta i ‘mBéarla amháin’. Áit a ndiúltófaí seirbhisí taistíl do lucht an Ghaeloideachais beag beann ar athbhreithniú cúirte a chuir iachall ar an Fheidhmeannas ‘dualgas reachtúil’ s’acu i leith na teanga a chomhlíonadh.

Tugann an comhtéacs reatha seo spás soiléir do ghrúpa feachtasaíochta a bhéas sásta guth s’acu a ardú, dlúthphairtíocht a léiriú le Gaeil faoi chois agus na ceisteanna deácra a chur nuair atá is gá.

D’aontaigh díograiseoirí an cruinnithe i mBáile Atha Cliath, áfach, nach mbeidh an modheolaíocht feachtasaíochta a d’oibir sa seascaidí oiriúnach don mhílaois úr.

Ní mór don chur chuige a bheith oscailte, solúbtha agus meallacach don chead ghlúin eile a bhéas in ann lorg cruthaitheach s’acu féin a mhúnlú don teanga s’againn agus don todchaí s’againn.

‘Misneach’ seolta

 

Posted in: Nuacht, Tuairim