Sean-Nós Cois Life 12-14 Aibreán

Posted on Aibreán 5, 2013 le

0



SeanNosCoisLife

Beidh féile Sean-Nós Cois Life ar siúl i mBaile Átha Cliath ó 12-14 Aibreán.

I measc buaicphointí na féile beidh ceardlanna amhránaíochta atá reáchtáil le Pól Ó Ceannabháin ó Chonamara, buaiteoir Chorn Uí Riada 2012, agus leis an amhránaí Páidí Mhárthainn Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne.

Beidh ceardlann rince ar an sean-nós ann chomh maith, leis an damhsóir Patricia Ní Fhatharta as Conamara.

Geallann na heagraithe “liosta breá aíonna” le “meascán den cheol traidisiúnta, den amhránaíocht, den damhsa agus den spraoi is fearr,” freisin.

Tá clár na féile agus foirm iarratais do na ceardlanna ar fáil ar www.seannos.ie.

Posted in: Nuacht