Tuairisc – Chomsky Cois Laoi

Posted on Aibreán 6, 2013 le

4



le Róisín Healy

 Le linn na seachtaine seo, bhí beirt cuairteoirí mór le rá ón Stáit Aontaithe inár measc. Duine amháin acu, aisteoir agus duine de na leantóirí eoleolaíochta is mó ar domhan, Tom Cruise – ar éirigh leis buaileadh leis an Tánaiste agus cuireadh 3 nóiméad ar leataobh do ar Nuacht RTÉ, ós rud é go raibh sé anseo chun a scannán is déanaí a thaispeáint dúinn.

 Ag an am céanna, cuireadh fáilte roimh Noam Chomsky, gníomhaíoch ar son chearta an duine agus ollamh emeritus ó MIT, a tháinig anseo chun sraith léachta phoiblí a dhéanamh; ceann amháin acu le Scoil na Fealsúnachta UCD i mBaile Átha Cliath, ceann amháin a dhéanamh san RDS agus an ceann deireanach leis an gCumann Fealsúnachta i gCorcaigh.

Ní raibh teacht ar ticéid don léacht i UCC le cúpla seachtain roimhe agus tairgeadh €50 do thicéad an scríbhneora seo. Shroich Chomsky Cois Laoi le macallaí na hoíche roimhe i mBaile Átha Cliath ag dul timpeall Halla Devere i UCC.

D’éirigh leis an spotsolas a tharraingt air féin dé bharr an méid a dúirt sé i mBÁC maidir le cearta na mban agus le stádas an ghinmhillte in Éirinn – rud a chur beagáinín ionadh air, a dúirt sé níos déanaí san oíche i gCorcaigh.

Agus an méid sin ar bharr theangacha an Halla, cuireadh tús leis an léacht.

D’fhéadfaí alt iomlán a scríobh ar shaol agus ar shaothar Chomsky, ar an obair atá déanta aige i réimse na teangeolaíochta nó ar an saol atá caite aige ag cáineadh polasaithe eachtracha SAM le linn an 20ú haois. Agus cinnte tá sé sin déanta go cuimsitheach  agscríbhneoirí níos inniúla ná an ceann seo.

Ní féidir an t-ollamh seo a chatagóiriú mar theangeolaí amháin, nó mar ghníomhaíoch polaitíochta ach oiread, agus léiríodh sa léacht seo na spéiseanna fairsinge atá ag Chomsky, atá i lár a gcuid ochtóidí anois.

 Ba é teideal na léachta ná “Bagairtí do Shaoirse agus do Bheocht an Chine Daonna” agus rinneadh plé cruinn agus faisnéiseach ar na bagairtí is mó atá os chomhar an chine daonna sa lá atá inniu ann, dar leis: Cogadh núicléach agus díothú an chomhshaoil. Ag tosú i lár an chéid seo caite, dírigh Chomsky aird an lucht éisteachta ar pholasaithe núicléacha SAM, ar an gCogadh Fuar agus go sonrach, ar an gcaidreamh idir an Chóiré Thuaidh agus an Domhan Mór (SAM ach go háirithe) ó 1953 ar aghaidh.

Ar ndóigh, tháinig Chomsky ar chonclúidí conspóideacha maidir leis na heachtraí atá ag titim amach faoi láthair ar Leithinis na Cóiré, le roinnt daoine sa Halla ag seoladh túiteanna ag rá go raibh sé ag moladh na polasaí eachtrach is déanaí atá ag Kim Jong Un.

 Sa dara chuid den óráid, chaith Chomsky a shúil ghéar ar an damáiste tromchúiseacha fadtéarmacha atá déanta ag an cine daonna don chomhshaol. Mhol sé pobail dúchasacha an domhain, (go háirithe iad siúd a bhfuil cumhacht polaitíochta acu sa Mheiriceá Theas) an t- aon dream, dar leis, a bhfuil ar an gcumas acu a tsaoil a chaitheamh go hinbhuanaithe.

Chomsky

 

 Ba é an ghné is spéisiúla don oíche ná nuair a cuireadh fáilte roimh ceisteanna ón urlár. Tháinig intleacht suntasach Chomsky chun tosaigh nuair a d’fhreagair sé ceisteanna ar ábhair éagsúla cosúil le todhchaí an cine daonna (“Sé an t-aon foinse dóchais atá againn ná sibhse, níl rud ar bith eile chun cúrsaí a athrú…Tá

dóchas ann go n-athrófaí cúrsaí, agus is leis na daoine óga é”) agus an Pápa Nua.

 Chaith sé cúpla nóiméad ag caint faoi mhuintir Chorcaí chomh maith. Mhol sé oibrithe Vita Cortex as ucht an obair a rinne siad chun a gcuid gcearta a bhaint amach i ndiaidh suí istigh a mhair 5 mhí nuair a chaill siad a bpoist i 2011. Luaigh sé gur chaith sé cúpla uair leis na hoibrithe níos luaithe an lá sin – agus dar leis an bhfear é fhéin, ní mór go mbeadh scéal agus coimhlint na ndaoine sin i mbéal gach phobal sibhialta ar fud na cruinne.

Agus mé ag dul tríd na nuachtáin an lá dar gcionn, ba dheas an rud don scríbhneoir seo focail Chomsky a fheiceáil sna meáin i ndiaidh na léachta, fiú mura raibh am ag Nuacht RTÉ nó ag an Tánaiste trácht a dhéanamh air.

Posted in: Nuacht, Tuairim