Comóradh ceart náisiúnta de dhíth ar Éirí Amach na Cásca

Posted on Aibreán 7, 2013 le

7



TUAIRIM le ‘hEOGHANACH’
Chuaigh mé chuig an mhórshiúl cuimhneacháin i nDroim Bó i nDún na nGall Domhnach na Cásca, mar atá déanta agam gach bliain ó bhí mé 11 bhliain d’aois, seachas na blianta siúd a bhí mé i ngéibheann.

Is chuig an ócáid atá ceangailte le Sinn Féin a théim féin de ghnáth, cé nach ionann sin agus a rá gur Sinn Féineach go smior mé. Tá roinnt tuairiscí léite agam fosta ó áiteanna eile ar fud na tíre, formhór acu i gceantracha náisiúnacha sna Sé Chontae.

Easter Rising 1916 Irish Soldiers

1916 : Cé leis na daoine seo?

Cuireann sé díomá orm go mbraitheann lucht na meán cumarsáide go gcaithfidh siad an chonspóid a lorg agus a aimsiú i dtaca le cuid de na cuimhneacháin seo, agus sin i gcónaí a bheith mar cheannlíne acu: an fear armtha ag scaoileadh cúpla urchar, páistí gléasta in éadaí leath-mhíleata, agus mar sin de.

I mbliana, agus mé i mo sheasamh ag éisteacht le Gearóid Mac Ádhaimh, d’amharc mé ar chúpla Garda a bhí ina seasamh thart ag coinneáil súil ar na himeachtaí.

Thosaigh mé ag machnamh ar cén dearcadh a bheadh acusan ar an ócáid seo, orainne, orthu féin, ar an Éirí Amach, ar theacht chun tsaoil an Gharda Síochána srl.

Ní hé go bhfuil mé ag maíomh nár chóir na rudaí seo a lua agus a phlé, ach mothaímse in amannaí go bhfuil sé de chuspóir ag na tuairiscí seo smál de chineál éigin a chur ar chomóradh an Éirí Amach.

Tá tugtha faoi deara agam go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar na hócáidí seo, bliain i ndiaidh bliana, agus is cúis bhróin dom é sin a fheiceáil.

B’fhéidir go bhfuil dul amú orm, ach de réir mo chuimhne féin, bhíodh na sluaite i láthair i Srath an Urláir/Bealach Féich i rith na seachtóidí, nuair a ba ghnách linn siúl i bhfad ní b’fhaide fríd an choill agus suas chuig an pháirc inar mharaigh fórsaí an tSaorstáit úir ceathrar poblachtánach a bhí i gcoinne an Chonartha.

I mbliana, agus mé i mo sheasamh ag éisteacht le Gearóid Mac Ádhaimh, d’amharc mé ar chúpla Garda a bhí ina seasamh thart ag coinneáil súil ar na himeachtaí.

Thosaigh mé ag machnamh ar cén dearcadh a bheadh acusan ar an ócáid seo, orainne, orthu féin, ar an Éirí Amach, ar theacht chun tsaoil an Gharda Síochána srl.

Bhí amannaí agus bliantaí ann, agus is beag dáimh a bhíodh le cloisteáil fá dtaobh den Gharda Síochána agus fána ról ó phríomhchainteoirí na hócáide.

I mbliana, luaigh Mac Ádhaimh an méid a d’fhulaing na Fórsaí Cosanta chomh maith le poblachtánaigh. Bhí mé féin sásta an cineál sin cainte a chluinstin.

Is den tsruth stairiúil céanna muid uilig, ar dhóigh éigin, ag tógáil ar neamhspleáchas agus ar fheidhmíocht na hÉireann mar náisiún, cé nach mbeimis uilig in ann a aontú ar gach cor sa stair ná ar gach treo ar chóir dúinn dul san am amach romhainn.

Mar dhuine as Tír Eoghain, aithním an méid atá bainte amach ag an Phoblacht (agus ní miste liom féin an teideal sin Poblacht a thabhairt air, cé nach í an Phoblacht iomlán a ba mhaith liomsa a fheiceáil sa tír).

Dúinne mar theaghlach, tá an ócáid chuimhneacháin ar Éirí Amach na Cásca ar comhchéim le Lá na Bastille sa Fhrainc, nó Lá an Neamhspleáchais sna Stáit Aontaithe, nó ba chóir dó a bheidh ar comhchéim leo.

Is ionann Lile na Cásca dúinne mar theaghlach agus an poipín dearg ag duine sa Bhreatain; is é sin, tacaíocht dóibh siúd a fuair bás do do thír féin, maith, olc, nó eile. Ach caithfidh mé a aithint nach bhfuil an dearcadh seo ag cuid mhór de mo chomhshaoránaigh Éireannacha.

Bíonn blaiseadh an doichill san aer i measc na bpáirtithe is mó sa tír i dtaca le hÉirí Amach na Cásca agus bunú an náisiúin seo, i gcomparáid le tíortha eile agus náisiúin eile. Mothaímse go bhfuil doicheall roimh aon mhór-rannpháirtíocht a spreagadh i measc an phobail, aon cheiliúradh, nó aon ómós suntasach.

Is fearr leo an rud foirmeálta laistigh den stát, seachas comóradh pobail. Mar Eoghanach, in amannaí, cuirim ceist orm féin agus mé ag siúl fríd shráideanna Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, ‘cá mhéad de mhuintir na háite seo atá linn inniu? Cá mhéad acu atá ag amharc amach fríd an fhuinneog, ag mothú gur ‘lucht na conspóide’ muid?’.

Ba mhaith liom níos mó acu, agus níos mó de mhuintir na hÉireann a mhealladh, i dtreo ceiliúradh agus comóradh ceart náisiúnta a dhéanamh orthu siúd a d’fhógair an náisiún seo don tsaol mhór, agus a fuair bás á chosaint, agus a las an tine ar son na saoirse.

Níl mé cinnte cén dóigh is fearr leis sin a dhéanamh. B’fhéidir go bhfuil muid róchóngarach don choimlint is deireanaí a bhí ann le daichead bliain. B’fhéidir go bhfuil an scoilt pholaitiúil ródomhain.

Ní gá dóibh é a cheiliúradh gualainn ar ghualainn linne; dá ndéanfadh siad é a cheiliúradh agus a chomóradh ar a gcuid téarmaí féin fiú, ba dhul chun cinn a bheadh ann.

Is ionann Lile na Cásca dúinne mar theaghlach agus an poipín dearg ag duine sa Bhreatain; is é sin, tacaíocht dóibh siúd a fuair bás do do thír féin, maith, olc, nó eile. Ach caithfidh mé a aithint nach bhfuil an dearcadh seo ag cuid mhór de mo chomhshaoránaigh Éireannacha.

Ach, i mo chroí istigh, tchím mé féin i mo sheasamh taobh le taobh le poblachtánaigh eile cosúil liom féin, le Sinn Féineach, le Fine Gaelach, le Fianna Fáileach, le Garda Síochána, le baill de na Fórsaí Cosanta, le hiar-bhaill den IRA, le baill den IRSP, le baill den SDLP srl.

Tá sé seo uilig mar chuid den tsruth stairiúil a thug céimeanna éagsúla den tsaoirse dúinn mar Éireannaigh. Caithfidh muid an lámh a shíneadh amach i dtreo ár gcomharsana aontachtacha, agus an lámh a shíneadh amach i dtreo a chéile chomh maith.

Posted in: Tuairim