“Jimmy Saville na hÉireann”

Posted on Aibreán 8, 2013 le

6



Tá níos mó sonraí ag teacht chun tosaigh maidir le cás Dhomhnaill Uí Lubhlaí leis na meáin thablóideacha ag baisteadh, “Jimmy Saville na hÉireann” air.

Fuair an gníomhaire Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí bás ina theach cónaithe ar an Muileann gCearr 20 Márta 2013.

Fuair sé bás faoi scáth líomhaintí láidre go ndearna sé ionsaithe gnéis ar bhuachaillí óga le blianta fada.

Mar a thuairiscigh an suíomh seo cheanna, bhí gearán nua a fhiosrú ag na Gardaí nuair a fuair O Lubhlaí bás.

Ó Lubhlaí

Domhnall Ó Lubhlaí

Tuairiscítear sa ‘Sun’ go ndearna iar-dhálta de chuid Choláiste na bhFiann gearán i gcoinne Uí Lubhlaí i mí Eanáir anuraidh, ag cur i leith Uí Lubhlaí gur bhain sé drochúsáid ghnéasach as ó bhí sé 12 go 15 bliana d’aois. Maitear gur tharla na heachtraí seo sa 1970í.

Cuireadh i leith Uí Lubhlaí sa bhliain 2000 go raibh ainteagmháil aige le 11 páiste ach theip ar an chás seo de bhrí gur ghlac an chúirt in 2002 go raibh Ó Lubhlaí faoi thionchair cógais nuair a chuir bleachtairí faoi agallamh é.

Bhí 56 cúiseanna curtha ina leith.

Mar a thuairiscigh an suíomh seo cheanna, bhí gearán nua a fhiosrú ag na Gardaí nuair a fuair O Lubhlaí bás.

Tá go leor den tuairim go bhfuil buncheisteanna le freagairt ag an Gharda Síochána maidir leis earráid seo.

Tuigtear go ndearnadh iarracht dúmhál a dhéanamh ar Ó Lubhlaí.

Deir foinsí iontaofa leis an suíomh seo go raibh fadhbanna pearsanta ag an duine a rinne iarracht dúmhál a dhéanamh ar Ó Lubhlaí bainteach leis leis na líomhaintí a rinneadh ina choinne.

Bhí sé de mhuinín ag Ó Lubhlaí gearán a dhéanamh leis na Gardaí maidir leis an iarracht dúmháil seo.

Tá sé tábhachtach le rá gur shean Ó Lubhlaí na líomhaintí seo ó thús go deireadh, mar sin féin, níor fhreastal ach 20 ar a thórramh, leid nach beag nár chreid mórán a shéanadh.

UASDÁTAITHE – Na hionsaithe gnéis a rinne an múinteoir Gaeilge, Domhnall Ó Lubhlaí. A scéalta féin ag íospartaigh @NuachtTG4 ag a 19:00.

Féach chomh maith

Posted in: Nuacht