Margaret Thatcher marbh

Posted on Aibreán 8, 2013 le

2



Thatcher

Fuair iarPhríomhAire na Breataine Margaret Thatcher bás inniu agus í in aois a 87. Bhí sí mar cheannaire na Ríochta Aontaithe ó 1979-1990.

Tharraing sí an-chonspóid le linn a cuid ama i Sráid Downing go háirithe le linn an Stailce Ocrais sa Tuaisceart agus Stailc na Mianadóirí i Sasana.

Bhí an-mhíshástacht sa Bhreatain i leith riail Thatcher ag tús na 1980í ach mhéadaigh bá an phobail dí nuair a bhuaigh an Bhreatain Cogadh na Falklands-Malvinas in 1982.

Chuir sí polasaithe ‘nualiobrálacha’ i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe a spreag an earnáil airgeadais go mór agus thacaigh sí go láidir le seasamh Uachtarán Mheiriceá, Ronald Reagan, in éadan an Aontais Shóivéadaigh.

Tharraing sí cáinte in Éirinn le linn na Stailce Ocrais. Dhiúltaigh sí géilleadh d’éilimh an IRA go mbronnfaí stádas polaitiúil ar a gcuid príosúnach sa Tuaisceart. Fuair deichniúr bpríosúnach bás le linn na stailce, an Feisire Parlaiminte Bobby Sands ina measc, ach bhronn sí na héilimh níos déanaí.

Rinne sí beag is fiú de mholtaí an New Ireland Forum in 1984 i ráiteas cáiliúil ‘Out, Out Out’. Rinne an IRA iarracht í a mharú in 1984 nuair a bhuamáil siad comhdháil de chuid an Pháirtí Chaomhaigh in Brighton.

Spreag dul chun cinn polaitiúil Shinn Féin sna 1980í imní i Sráid Downing áfach agus bheartaigh sí ról a thabhairt do Rialtas na hÉireann i rialú an Tuaiscirt sa Chomhaontú Angla-Éireannach, conradh a spreag uafáis i measc an phobail Aontachtaigh sna sé chontae. Tosaíodh cainteanna rúnda idir Rialtas na Breataine agus an IRA agus í gcumhacht chomh maith.

Ag caint ar News at One ar RTÉ Raidió 1 inniu dúirt iarLeas-Chéad Aire de chuid an SDLP, Seamus Mallon, go raibh ceisteanna le freagairt faoin ról a bhí ag rialtas na Breataine i ndúnmharú Pat Finucane in 1989, tráth a bhí Thatcher fós i gcumhacht. Ag caint ar an gclár céanna cháin Danny Morrison ó Shinn Féin an ról a bhí ag Arm na Breataine i bhforéigean na bparamíliteach dílseachta i rith a rialach.

Tharraing sí tuilleadh conspóide de bharr na tacaíochta a thug sí do dheachtóir na Síle, Augosto Pinochet, agus dhiúltaigh sí tacú smachtbhannaí in éadan na hAfraice Theas nuair a bhí cinedheighilt i bhfeidhm. Cháin Príomhaire Reatha na Breataine, David Cameron, seasamh Thatcher i leith na cinedheighilte in 2006.

Dúirt Cameron inniu áfach go raibh “ceannaire iontach, Príomhaire iontach agus Briotanach iontach” caillte ag muintir na Breataine.

Posted in: Nuacht