Is fusa a bheith iar-radacach

Posted on Aibreán 9, 2013 le

22



TUAIRIM le hAindrias Ó Cathasaigh

Is iomaí sin iar-radacach in Éirinn. Is é sin le rá, daoine a bhíodh radacach tráth den saol, ach a ghlacann leis an gcóras anois, a deir gur gá oibriú taobh istigh dá shrianta. Is rogha ró-éasca, dar leo, a bheith ag féachaint le bunathrú a chur ar an saol.

Ba phort coitianta ag an gComhaontas Glas é tamall de bhlianta ó shin. Bhí sé in am acu éirí as a bheith ina bpáirtí agóide agus a bheith ina bpáirtí rialtais. Ba shin an áit ab fhéidir feabhas praiticiúil a chur ar chúrsaí seachas a bheith ag scairteadh ón imeall.

Tá a fhios againn cén toradh a bhí ar an gcaint seo: chuidigh siad le Fianna Fáil an tír a mhilleadh agus a thabhairt ar láimh don troika.

Tá ceannairí an Lucht Oibre ar an gceird cheannann chéanna faoi láthair. Na daoine atá dá gcáineadh – taobh istigh den pháirtí féin, fiú – níl siad páirteach sa gcluiche ar chor ar bith, a deir siad. Más fíor dóibh féin, is féidir leo nithe a bhaint amach mar chuid den rialtas.

IMG1_PC_006_1 - Mairtin 16B429

Máirtín Ó Cadhain

Agus gan amhras, ní caint radacach a bhíonn ar bun acu ansin ach gníomh: ag iarraidh airgead a bhaint de bhanaltraí lena bhronnadh ar bhaincéaraí, mar shampla.

Tá sinsearacht an-fhada, mar sin, ag altanna mar ‘Is furasta a bheith radacach…’ le Ciarán Dúnbarrach (An Tuairisceoir, 6 Aibreán).

In alt dá leithéid, deir duine gur chaith sé “an t-uafás ama ag iarraidh a bheith radacach agus ag iarraidh ar dhaoine eile a bheith radacach” gan dá thoradh ach meas “liúdramán” a bheith air.

Anois tá ciall cheannaithe aige, agus seachas “rogha fhurasta” an radacachais, is fearr leis “ról dearfach nó fiúntach” a ghlacadh in áit a bheith “ag cur isteach ar dhaoine”. Is gá anois “a bheith ag gníomhaíocht go háitiúil” seachas athrú ginearálta a lorg.

Agus ar fhaitíos nach bhfuil tréigean an radacachais sách soiléir, cuireann sé pictiúr de Citizen Smith leis an alt, ag tabhairt le fios nach bhfuil sa radacach ach “égo mór… nár bhain faic amach riamh”.

Ní hionann an t-iar-radacachas agus an neamhradacachas, ar ndóigh. Ta daoine coimeádacha ann nach n-aontódh go brách le aon athrú mór ar chúrsaí an tsaoil, ach is beag tionchar a bheadh acu siúd ar dhaoine atá ag iarraidh a leithéid d’athrú a fheiceáil.

Is é an t-iar-radacach a theastaíonn le gabháil i bhfeidhm orthusan, duine a fhéadann a rá: ‘Féach, bhí mise cosúil leatsa tráth dá raibh, ach tháinig ciall le aois, agus tuigim anois go gcaithfidh muid a bheith réalaíoch…’ Sin an fáth a mbíonn an oiread sin iar-radacach le feiceáil i mbarr gluaiseachtaí a d’fhás as dúshlán an chórais a thabhairt ach a rinne síocháin leis ó shin.

Ní air féin a chuireann Ciarán an locht as teip a réabhlóide féin, ach ar an gcaoi “nár chreid daoine eile i bhfocail an Phiarsaigh is Uí Chadhain mar a chreid mé féin”. Is léir gur ghlac sé leis ar deireadh gur ag na neamhchreidmhigh seo a bhí an ceart.

Cinnte, chuaigh Mac Piarais is Ó Cadhain i mbun gníomhaíocht áitiúil, ach ní raibh sí riamh mar mhalairt ar an mórathrú radacach acu. “Is í Athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge”, a dúirt Ó Cadhain, ní athghabháil do shráide féin. Marab ionann is Ó Cadhain, creideann Ciarán go bhfuil dualgas ar lucht na Gaeilge gan a bheith sóisialach.

Tugadh liúdrámán ar an gCadhnach, ar ndóigh, agus ainmneacha ba mheasa. Tugadh ar an bPiarsach freisin é, agus ba chumasach an dán a scríobh sé mar fhreagra. A bhuíochas ar dhaoine radacacha a thug dúshlan an chórais, agus dúshlán na ndaoine a thug liúdramáin orthu ina seal, a fhéadfas muid éisteacht le Raidió na Gaeltachta inniu.

Ba scorn leo maslaí a naimhde, agus an cor i srón na n-iar-radacach nár sheas an fód.

Is é an ghné is aistí d’alt Chiaráin, áfach, gur i gcruth comhairle do Mhisneach atá sé. Ní ball de Mhisneach mise, cé go raibh sé de ghnaíúlacht iontu cead cainte a thabhairt dom ar a gcruinniú, ach déarfainn go bhfuil siad in ann a mbealach féin a dhéanamh.

Ach tá fógraithe acu gur grúpa radacach a bheas iontu, ní grúpa iar-radacach.

Más daoine iad atá ag iarraidh gníomhartha radacacha a chur i gcrích, cén tairbhe dóibh barúil an duine a mholann dóibh gníomhartha radacacha a fhágáil ina ndiaidh?

Tá cruthaithe ag Misneach go dtí seo go bhfuil siad sásta éisteacht a thabhairt do thuairimí éagsúla maidir le cén sórt radacachais atá de dhíth. Ach sílim go bhfuil Ciarán thar éis a thuairim gur fearr cúl a thabhairt leis an radacachas a chur chuig an seoladh mícheart.

Grúpa de chineál eile atá ar intinn aige, ní foláir. Lagmhisneach, b’fhéidir…?

ALT BAINTEACH LEIS AN gCEANN SEO :

Is furasta a bheith radacach …

Clibeanna: ,
Posted in: Tuairim