Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de

Posted on Aibreán 10, 2013 le

1



Tá Iarthar Bhéal Feirste go mór chun tosaigh ar gach áit eile sna Sé Chontae ó thaobh líon na nGaeilgeoirí de a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga.

scoil2

Bunscoil Phobal Feirste i nGaeltacht Bhóthar Seoighe

 

De réir Dhaonáireamh 2011, as na bardaí toghcháin ina bhfuil an méid is mó daoine a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga, tá ochtar acu i mBéal Feirste, tá dhá bharda eile sa chéad deichniúir ach tá siad beirt i Lios na gCearrbhach, in áiteanna ceangailte le hIarthar Bhéal Feirste.

 

Barda Gaeilge mar phríomhtheanga
6 Chontae

4164

Glen Road (BF)

159

Whiterock (BF)

140

Glencolin (BF)

119

Falls Park (BF)

109

Upper Springfield (BF)

105

Andersonstown (BF)

101

Beechmount (BF)

99

Derryaghy (LnagC)

82

Kilwee (LnagC)

68

Ladybrook (BF)

58

Tá Bóthar an Ghleanna in Iarthar Bhéal Feirste ar bharr an liosta le 159 cainteoir a bhfuil an Ghaeilge acu mar phríomhtheanga. Ní nach ionadh, tá Gaeltacht Phobal Feirste / Pobal Feirste le fáil sa bharda seo.

Tá 99 lucht labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga in Ard na bhFeá nó ‘Beechmount’, ina bhfuil an Chultúrlann le fáil ann.

Ó thaobh an chéatadáin de, tá an scéal mar an gcéanna a bheag nó a mhór.

Barda Gaeilge mar phríomhtheanga
Glen Road (BF)

2.96

Whiterock (BF)

2.58

Kilwee (LnagC)

2.22

Falls Park (BF)

2.12

Andersonstown (BF)

2.12

Upper Springfield (BF)

2.08

Glencolin (BF)

1.91

Beechmount (BF)

1.9

Glenshesk (M)

1.65

Twinbrook (LnagC)

1.55

Arís, tá Bóthar an Ghleanna chun tosaigh ar na ceantair eile agus is i mBéal Feirste agus i Lios na gCearrbhach atá na ceantair eile, seachas Gleann Seisce (Gleann Shesk) atá i nGlinntí Aontroma, Comhairle na Maoile.

16 a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga atá le fáil sa Ghleann udaí thuas.

Clibeanna: ,
Posted in: Nuacht