Comórtas leabhair nua!

Posted on Aibreán 10, 2013 le

0



Tá gliondar ar ‘An Tuairisceoir’ comórtas nua a reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis ‘An Siopa Leabhar’.

Is é an duais ná an leabhar ‘An Hobad’.

Seo leagan Gaeilge de ‘The Hobbit’ le Tolkien, curtha in aistriú go Gaeilge ag Nicholas Williams, foilsithe ag Evertype.406885_472529129465122_1442979011_n

Chun cur isteach ar an duais iontach seo, a bhfuil praghas €39.95 air, níl le déanamh ach leathanach Facebook ‘An Tuairisceoir’ seo a ‘ismaithliomáil’ agus é a roinnt ar d’amlíne féin, níorbh fhéidir leis a bheith níos éasca! 
Beidh an comórtas oscailte go dtí 12:00 Dé Luain 15 Aibreán!

Ádh mór oraibh!

Is siopa leabhar Gaeilge é ‘An Siopa Leabhar’ i mBaile Átha Cliath, bunaithe i bhfoirgneamh stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

Is féidir iad a fháil ar líne ag http://www.cnagsiopa.com/
Ar an bhfón – (01) 475 7401
Ar fhacs – (01) 475 7844
Ar rphost : siopa@cnag.ie

Clibeanna:
Posted in: Beatha