Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach

Posted on Aibreán 10, 2013 le

6



I dtuairisc an-chumhachtach leis an iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin, labhair beirt fhear a dúirt go ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis orthu amach go poiblí ar Nuacht TG4 anocht.

Gearóid Ó Conchubhair ag caint ar Nuacht TG4 [Pic : Screengrab ó TG4]

Gearóid Ó Conchubhair ag caint ar Nuacht TG4 [Pic : Screengrab ó TG4]

Labhair Gearóid Ó Conchubhair as Co. Uíbh Fháilí (recte 15:20, 11/4/13]) , faoinar tharla dó.

Dúirt sé go raibh sé 13 nuair a d’ionsaigh Ó Lubhlaí ar dtús é.

Coicís sula bhfuair Ó Lubhlaí bás, labhair Gearóid Ó Conchubhair leis na Gardaí maidir leis an chás.

“Seanteach a bhí ann, tine mhór oscailte istigh ann, ní raibh ach dhá sheomra sa teach, ní raibh aon rogha ach go raibh orainn leapa a roinnt, is dócha nár smaoinigh mé mórán air,” a dúirt sé le Nuacht TG4.

“D’iompaigh sé orm, tharla an eachtra den chéad úr.”

“Is dócha gur mhair sé go raibh mé ag déanamh m’ardteist, go dtí [19]76 nó thart air sin, 3 bliana go leith a bhí i gceist.”

Cuireadh agallamh ar fhear eile chomh maith, fear a bhí ag iarraidh fanacht gan aithne.

“Thosaigh sé ag ceannach large brandys dom san Áras Pobail i Rath Cairn agus piontaí Smithwicks, ach ní raibh taithí mórán agam den a bheith ag ól large brandys ag an am,” a dúirt sé le Nuacht TG4.

Mhaigh Ó Lubhlaí leis an fhear seo nach mbeadh sé de rogha aige ach leaba a roinnt leis de bhrí nach raibh braillíní ar fáil ach ar leaba amháin sa teach ina raibh siad ag stopadh ann, rud nach raibh fíor dar leis.

“Bhí mé míchompordach leis sin ach ní dhúirt mé aon rud, ag am sin bhí muinín agam as.”

Rinne Ó Lubhaí iarracht é “a chuimilt” a dúirt an fear.

“Rinne sé iarracht mé a éigniú.”

Fuair Ó Lubhlaí bás trí seachtaine ó shin faoi scáth líomhaintí go ndearna sé ionsaithe gnéis ar bhuachaillí óga, líomhaintí a shéan sé i gcónaí.

Leanfar leis an tuairisciú ar an chás seo ar Nuacht TG4 san oíche amárach.

Féach chomh maith.

Posted in: Nuacht