Léirmheas – ‘Scéal Ghearóid Iarla’

Posted on Aibreán 11, 2013 le

1



‘Scéal Ghearóid Iarla’

Máire Mhac an tSaoi

€9.00 (bog),

120 lch;

Leabhar Breac

Léirmheas le Ciarán Dúnbarrach

Úrscéal stairiúil é seo, bunaithe ar fhíorscéal é seo. Glacaim go bhfuil an leabhar go hiomlán cruinn ó thaobh na staire de, agus is cinnte gur rud é sin atá ar intinn agam a fhiosrú dom féin.

Seo an cur síos ar an scéal ó shuíomh an fhoilsitheora, Leabhar Breac.

  “Duaisleabhar Ghradam Uí Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Láirge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoin a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air.”

Thaitin sé sin go maith liom go pearsanta, tá laige agam d’ábhar a shíolraíonn ó aimsir nach raibh an Ghaeilge ina teanga mionlaithe ach ina príomhtheanga na hÉireann.

B’amhlaidh an cás sa leabhar seo cé go mbaineann sé le taoiseach Normannach gaelaithe, Gearóid Mac Gearailt, tá corrfhocal Fraincise agus Béarla sa leabhar ach sin é go díreach.

Scéal suimiúil, más bunúsach go leor é, dar liom. Ach is cinnte gur scríobhadh go maith é, aithne níos fearr againn ar Mháire Mhac an tSaoi mar fhile, is mar léirmheastóir b’fhéidir, ná mar úrscéalaí.Sceal Ghearoid Iarla (1)

Bhí mé ag smaoineamh, is mé ag críochnú an leabhair, cad é as nár scríobh Máire Mhac an tSaoi níos mó prós? An scríobhfaidh sí níos mó prós go seadh? B’fhiú go mór di dar liom.

Tá an leabhar scríofa i nGaeilge na Mumhan, le rian na Gaeilge Clasaicí le mothú uirthi. Níl mé féin, mar Ultach aineolach, ábalta a rá go díreach cá háit a stopann ceann amháin acu is ar thosaigh an ceann eile.

Saineolaí ar an dá chanúint is ea í Máire Mhac an tSaoi, rud a raibh a fhios ag Seán Ó Riordáin go rímhaith. Sea, Gaeilge an-chruinn agus shaibhir atá ar fáil sa leabhar, ardGhaeilge léanta ar go leor bealaigh.

Cha dtabharfainn éitheach dhuit áfach, thug an Ghaeilge sa leabhar seo dúshlán dom féin, chomh crua céanna liom is a bheadh Gaeilge na hAlban le léamh.

Mar sin féin, níorbh bhréag-shaibhreas na bhfoghlaimeoirí é, b’fhíor-Ghaeilge ì. Bhí cúis leis. Ní hé go bhfuil focail á n-úsáid aici a fuair sí san fhoclóir féin is nach bhfuil faoi smacht iomlán tuisceana aici.

Muna raibh sé chomh héasca sin a léamh, sin mar atá, is beidh orm é a léamh arís- rud a dhéanfas mé amach anseo.

Seo leabhar beagáinín difriúil ó leabhair eile a foilsíodh i nGaeilge le tamall anuas, ach leabhar suimiúil arbh fhiú a cheannach is a léamh, agus fiú staidéar a dhéanamh air.

Tá Leabhar Breac le moladh as leabhar eile den scoth a chur amach ar an mhargadh, go raibh díolachán acu. 

Seo léirmheas eile ar an leabhar céanna le hAonghus Ó hAlmhain. 

Posted in: Tuairim