Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe ar Stiúrthóir an Oireachtais

Posted on Aibreán 11, 2013 le

7



Anocht ar TG4, léirigh duine de na Gaeilgeoirí is aitheanta sa tír, Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, go ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis air agus é ina dhéagóir.

Ba é seo an dara pháirt den tuairisc shuntasach chumhachtach seo curtha le chéile ag an iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin. Baineadh siar as go leor daoine maidir le hábhar na tuairisce sin.

[http://www.tg4.ie/ie/player/tg4-player.html]

Labhair fear gan aithne, a bhí mar dhalta ag Ó Lubhlaí ar ghairmscoil i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath ar na hionsaithe a rinne Ó Lubhlaí air.

Mhínigh sé gur cheannaigh Ó Lubhaí brandaí dó ar a mbealach siar go Ros Muc, Conamara. Fuarthas nach raibh ach leaba amháin sa tseomra ina raibh siad le fanacht ann, is léir faoin am seo gurb sheanchleas Uí Lubhlaí é seo, é luaite ag íospartach i ndiaidh íospartach.

Mhínigh sé gur chuir Ó Lubhlaí a lámh ar réigiún a bhall giniúna is gur rug sé greim ar a lámh chun iachall a chur air a dhéanamh amhlaidh.

Fear cróga, stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha

Fear cróga, stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha

Is as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath é Liam Ó Maolaodha. Bheadh aithne ag an saol gaelach air de bhrí gur eisean an stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge.

In agallamh lán mothúcháin, léirigh sé go ndearna Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis air agus é ina dhéagóir.

Rinneadh na hionsaithe air Liam Ó Maolaodha in árasán Uí Lubhlaí, arís, tar éis an teach a bhaint amach ina dhiaidh dóibh a bheith i gClub an Chonartha, áit ar cheannaigh Ó Lubhlaí deochanna meisciúla dá dhalta scoile, léiríodh nach raibh ann ach leaba amháin sa teach.

Bhí Liam ag fanacht le hÓ Lubhlaí an deireadh seachtaine tar éis don Lubhlaíoch a rá lena mháthair go raibh sé de dhíth air chun cuidiú leis le jab éigin.

Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis ar Liam an oíche sin agus an oíche dar gceann. Lean na hionsaithe ar aghaidh ina dhiaidh sin, in áiteanna ar fud na tíre.

Níos moille anonn, thug Ó Lubhlaí postanna do Liam i gColáiste na bhFiann i Ros Muc mar cheannaire agus faoi dheireadh cheap sé Liam mar bhainisteoir ar Choláiste na bhFiann.

Léirigh Liam Ó Maolaodha nach raibh sé riamh ábalta dul chuig na Gardaí mar gheall ar na hionsaithe áfach. Ní raibh sé ábalta míniú a thabhairt air sin.

Nuair a chuir na Gardaí ceist ar Liam Ó Maolaodha, tar éis d’fhear eile líomhaintí a dhéanamh,  má rinne Ó Lubhlaí ionsaí air, d’fhreagair sé nach ndearna.

Bhí an-aiféaltas air nár inis sé an fhírinne ach shíl sé go raibh go leor cúiseanna i leith Uí Lubhlaí chun é a chur chuig príosún.

Níor ciontaíodh riamh Ó Lubhlaí i gcúirt ach cibé amhras a bhí fágtha maidir leis na líomhaintí seo, tá siad imithe.

Gan dabht, ár Jimmy Saville féin a bhí ann mar Dhomhnall Ó Lubhlaí agus is léir anois go gcloisfidh muid i bhfad níos mó scéalta den chineál seo sna seachtainí atá amach romhainn.

Féach chomh maith.

Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach

Posted in: Nuacht