‘Apartheid’ in Inis Bó Finne?

Posted on Aibreán 13, 2013 le

0



De réir tuairisc sa Churadh Chonnachta an tseachtain seo, tá sé á chur i leith mhuintir Inis Bó Finne go bhfuil córas ‘apartheid’ i bhfeidhm acu i gcoinne dhaoine nach bhfuil ag cur fúthu san oileán ar feadh níos lú ná deich mbliana.

Dar leis an tuairisc seo tá cosc ar dhaoine atá ag cur fúthu níos lú na deich mbliana san oileán a bheith ina mball den chomhlacht forbartha áitiúil agus go bhfuil raic ann mar gheall air.

Inishbofin CDP seeks to improve the quality of life by the establishment, development and provision of support and services through the CDP to improve the socio-economic, economic, infrastructure, environmental, cultural, heritage and administrative requirements of the island.

Inishbofin,_Galway,_Ireland._Old_castle

Cuireadh treoir amach an mhí seo caite ag cur in iúl nárbh fhéidir le duine a bheith ina b(h)all den chomhlacht ach amháin má rugadh san oileán iad, nó go raibh siad ag cur fúthu ann le deich mbliana ar a laghad AGUS go raibh siad istigh san oileán 300 oíche ar a laghad i ngach bliain acu siúd.

Tuigtear don Tribune nach bhfuil go leor de mhuintir an oileáin sásta leis an treoir seo, mar sin féin níl aon ráiteas ó dhuine ar bith acu san alt.

Ach dar leis an chomhairleoir Seosamh Ó Cuaig, tá an gníomh seo “anti-blow in.”

Tá tuairim ar 160 duine ina gcónaí in Inis Bó Finne, atá 8 cm amach ó chósta Chonamara. D’ainneoin cé chomh hiargúlta is atá an t-oileán, níl Gaeilge ar bith fágtha ann.

Nasc chuig suíomh an oileáin (Béarla). 

Posted in: Nuacht