Cén chaoi a bhfuil muid?

Posted on Aibreán 13, 2013 le

2



An tseachtain seo fuair an suíomh seo 4,056 radharcanna ó 1,085 duine ar leith.

Faoi láthair, tá Alexa Rank ag an suíomh seo de 803,887 go domhanda agus 2,204 i bPoblacht na hÉireann.

Seo na píosa is mó léamh an tseachtain seo …

  1. Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de                              277
  2. “Jimmy Saville na hÉireann”                        256
  3. Domhnall Ó Lubhlaí marbh                           253
  4. Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach                               247
  5. Is fusa a bheith iar-radacach                        236
  6. Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe ar Stiúrthóir an Oireachtais                      223
  7. Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar                 161
  8. Oidhreacht Chasta Uí Lubhlaí                      137
  9. Comóradh ceart náisiúnta de dhíth ar Éirí Amach na Cásca                             109
  10. Margaret Thatcher marbh                            101

Is cinnte go bhfuil sé ag éirí níos deacra scríbhneoirí agus ábhar a aimsiú ach bhíomar ag súil leis sin. Mar sin féin, tá scríbhneoirí úra á n-aimsiú againn agus d’éirigh linn ábhar i nGaeilge Mhanainn an tseachtain seo.

Níor éirigh linn Gael Albanach a aimsiú go fóill faraor.

Tá fáilte roimh scéalta, píosa tuairimíochta, pictiúirí agus smaointí i gcónaí – antuairisceoir@gmail.com.

Ná déan dearmad gur saothar deonach amach is amach é seo.

Tá sé mar aidhm againn ar a laghad trí phíosa sa lá a fhoilsiú, is cinnte linn gur féidir linn níos mó trácht a mhealladh má tá níos mó ábhar againn agus ar ndóigh, ábhar de chaighdeán níos airde.

Go raibh maith agaibh as buaileadh isteach.

Ciarán Dunbar

Riarthóir

Posted in: Nuacht