Beidh orainn íoc as nuacht RTÉ a léamh ar líne

Posted on Aibreán 14, 2013 le

4



Agus é beartaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 (RTÉ) seirbhís nuachta ar líne a fhorbairt agus ráflaí i mbéal an phobail go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge sin a mhaoiniú, tá casadh nua ar an scéal.

Tá sé á thuairisciú go bhfuil sé ráite ag árd-stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, go mbeidh ar dhaoine íoc as ábhar ar líne go luath agus nach féidir é a scaipeadh saor in aisce níos mó.

Dúirt Curran le hábhair iriseoirí in Ollscoil Luimnigh go mbeadh ar dhaoine a amharc ar nuacht agus ar mheáin ar líne íoc as – mar tá bailitheoirí nuachta (‘news aggregators’ – díreach cosúil leis an tuairisc seo) á thógáil saor in aisce ach go raibh costais le híoc ag na bun-tháirgeoirí.

firewall

An mbeidh an t-idirlíon uilig taobh thiar de ‘Firewall’ sa deireadh?

Ní féidir mórán amhras ná go raibh sé ag déanamh tagairtí do leithéidi thejournal.ie.

Léirigh sé go mbeidh RTÉ ag gearradh airgead ar úsáideoir a suímh atá thar sáile roimh dheireadh na bliana – ní fios cá bhfágann sé sin bunadh na Sé Chontae.

Tá buncheist ann i gcónaí agus bhí ó cuireadh tús le nuacht ar líne – ar cheart go mbeadh ar dhaoine íoc as iriseoireacht nó an mbeidh deireadh leis mar cheard?

Ar cheart do Fhoras na Gaeilge RTÉ a mhaoiniú?

Chuir muid ceist ar léitheoirí ‘An Tuairisceoir’ ní ba luaithe an mhí seo – Ar cheart do Fhoras na Gaeilge RTÉ a mhaoiniú? Seo anois na freagraí …

Níor cheart – monoplacht stáit a bheadh ann       50%

Níor cheart – airgead an tuaiscirt atá i gceist chomh maith              18%

Ba cheart – seirbhís den scoth a bheadh ann        14%

Eile :       14%

Níl a fhios agam 1             5%

Ba cheart – níl aon rogha eile acu               0             0%

Seo na freagraí ‘eile’

Níor cheart – ba chóir do RTÉ an seirbhís a chur ar fáil go dátheangach pé scéal    1

Tá dualgas ar RTÉ cheana féin seirbhís i nGaeilge a sholáthar ar líne           1

Níor cheart, foras stáit é cheana!

Posted in: Nuacht