Trí phleascán i mBostún – 130+ gortaithe

Posted on Aibreán 15, 2013 le

0



Fuair triúir duine bás tar éis gur phleasc dhá bhuama i mBostún inné.

Bhí dhá phleascán ag críoch-líne mharatón Bhostún SAM ní ba luaithe tráthnóna agus bhí eachtra eile i Leabharlann JFK sa chathair.

Tál breis is 130duine gortaithe. Tá géaganna caillte ag deichniúir.

Tá sé á thuairisciú go bhfuil amhrasán á choinneáil faoi gharda armtha agus é san oispidéal, é féin gortaithe. Fox News / New York post is foinse don scéal sin – tá sé á sheanadh ag Péas Bhostúin ach tá foinsí News International fós ag cloí le scéal s’acu.

Bhí 108 Éireannaigh ag glacadh páirte sa mharatón, ní fios go fóill más slán sabháilte atá siad ar fad ach tuigtear go bhfuil beirt as Creachmhaoil i nGaillimh slán.

Bhí dhá fheiste neamhphleascaithe faighte gar don láthair.

9bdfcba3-92fb-43d2-b56d-f50b93916c24_500

Radharc ón láthair agus pleascán le feiceáil

Bhí 25 soicind idir an dá phleascán.

Thárla an eachtra seo trí uair tar éis do na príomh-reathaithe an rás a chríochnú.

Is léir ón méad sin fola atá le feiceáil sna pictiúir atá ag teacht ón láthair go bhfuil daoine gorthaithe go dona.

Tá fínní súl ag rá go bhfaca siad daoine ar an láthair agus a gcosa ar iarraidh.

Tá sé á thuairisciú gur “buama beag déanta sa bhaile” a ba chúis le ar a laghad pleascán amháin

Tuigtear gur tháinig pleascán as labaí óstáin gar don chríoch-líne.

Tá na mílte Éireannaigh ag cur futhu i mBostún agus tá dlúthbhaint idir Chonamara agus deisceart Bhostún, nó Southie mar a thugtar air.

Fuair 55 duine bás i bpleascáin sa Iáraic inniu.

Posted in: Nuacht