16 marbh i mbuamáil sa Phacastáin

Posted on Aibreán 16, 2013 le

0



Maraíodh 16 duine i mbuamáil féinmharaithe sa Phacastáin inniu.

Bhí páistí agus oifigigh péas i measc na mairbh agus gortaíodh beagnach 35 duine tar éis gur phléasc buamadóir féinmharaithe buama ag cruinniú coirnéil de chuid Pháirt Náisiúnta Awami i bPeshawar na Pacastáine.

Tá sé ráite ag Taliban na Pacastáine go bhfuil siadsan freagrach as an ionsaí fuilteach seo.

Beidh toghchán ann sa Phacastáin 11 Bealtaine.

Posted in: Nuacht