‘Eile’ – iris nua bunaithe do dhaoine aeracha

Posted on Aibreán 16, 2013 le

6



Tá iris nua ar líne, Eile.ie bunaithe do dhaoine aeracha ag Gaeilgeoir aitheanta, Scott de Buitléir arb as Cluain Tarbh i mBaile Áth Cliath dó. Is é Scott príomh-eagarthóir na hirise. Labhair sé leis ‘an Tuairisceoir’.

 Abair linn faoi ‘Eile’ mar sin – cad atá i gceist?

Is iris stíl beatha, ar-líne don bpobal LADT (Leispiach, Aerach, Déghnéasach & Trasinscneach) é Eile. Is foilseachán uile-Éireann é, le scríbhneoirí ó gach cuid den oileán; Béal Feirste, Áth Cliath, Corcaigh, Sligeach, Gaillimh agus eile nach iad.

Faoi láthair, tá ár gcuid alt ar fáil ar eile.ie, ach tá muid ag obair ar eagrán digiteach don iPad agus do thaibléid Android chomh maith. 

 Tá difríocht faoi leith ag Eile, i gcomparáid le foilseacháin ‘aeracha’ eile dá raibh ar fáil in Éirinn go dtí seo. Tá an-chuid béime ar an ‘scene’, .i. na clubanna agus beáir aeracha in Áth Cliath agus a leithéid, agus tá Eile ann don bpobal seachas an scene.

Thairis sin, níl aon fhoilseacháin LADT eile ag freastal ar an oileán ar fad.

An bhfuil maoiniú agaibh nó an bhfuil sé i gceist é a reáchtáil mar ghnó amach is amach?

Faoi láthair, is togra iomlán deonach é Eile, ach níl sé i gceist againn bheith mar sin i gcónaí. Tá sé i gceist againn gnó ceart a dhéanamh as Eile, agus tá muid ar thóir urraíochta, fógraíochta agus maoiniúcháin.

Níl muid ach i ndiaidh lainseáil, mar sin tá muid ag díriú isteach ar aird a tharraingt ar an iris nua sula dtugann muid súil ar chúrsaí airgid. 

Níl sé i gceist againn míchompord a chur ar aon léitheoir a thugann Briotanach orthu ó thuaidh, agus mar sin tá muid ag tógáil seans/riosca cheana féin le focal Gaeilge agus fearann Éireannach – .ie – a úsáid.

Meas tú go bhfuil baol ann go ndéanfar ‘ghettoisation’ ar dhaoine aeracha má tá rudaí ar leith ann do dhaoine aeracha amháin?

Ceist mhaith! Tá an-dul chun cinn déanta in Éirinn le linn 30-40 bliain anuas; ó dhúnmharú Declan Flynn i bPáirc Fhionnradhairc i 1983 go moladh an Tionóil Bhunreachtúla chun pósadh aerach a thabhairt isteach inné.

Tá an tsochaí in Éirinn théis glacadh le daoine LADT, ach níl cothromas iomlán ann go fóill. Sin an fáth go mbíonn ar an bpobal LADT roinnt tograí (ar nós na meán) a bhunú dóibh féin.

Is annamh ábhair LADT a fheiceáil sna meáin ‘phríomhshrutha,’ agus tuigtear sin ar shlí toisc gur mionlach atá ann. Mar sin, is áis iad na meáin LADT chun díriú ar chúrsaí an phobail s’acu féin.

Is sa tslí sin a bhfuil go leor i gcoitinne idir an pobal aerach agus pobal na Gaeilge. 

An mbeidh aon Ghaeilge in ‘Eile’?

Ag an bpointe seo, ní bheidh, toisc stádas conspóideach na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Níl sé i gceist againn míchompord a chur ar aon léitheoir a thugann Briotanach orthu ó thuaidh, agus mar sin tá muid ag tógáil seans/riosca cheana féin le focal Gaeilge agus fearann Éireannach – .ie – a úsáid.

Tá muid ag iarraidh a bheith ar fáil agus fáiltiúil do ‘chuile dhuine ar an oileán seo, agus níl muid ag iarraidh go gceapfadh éinne go bhfuil agenda polaitiúil faoi bhun againn.

Má tá go leor éilimh ann chun alt Gaeilge a fhoilsiú ar Eile, fiosróidh muid an cás, ach leanfaidh muid ar aghaidh leis an mBéarla amháin go dtí go dtarlaíonn sin.

Tá ag iarraidh go maith leat sna meáin – an bhfuil aon chomhairle agat do dhaoine eile?

An t-aon chomhairle a bheadh agam ná déan mar is mian le do chroí. Má tá go leor paisin agat faoi rud éigin – bíodh sin láithreoireacht, eagarthóireacht, iriseoireacht nó eile – ná stop a bheith ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh agus seansanna a thógáil nuair a thugann tú faoi ndeara iad.

Tá an saol i bhfad róghearr le bheith in ísle brí toisc jab nach maith leat. Má tá tú in ann a thaispeáint gur féidir do rogha rud a dhéanamh, meallfaidh tú an dea-ádh agus na daoine cearta.

Tá brú láidir do phósadh aerach in Éirinn agus ar fud an domhain – meas tú go mbeidh pósadh aerach in Éirinn go luath agus cé chomh tábhachtach is atá an cheist don phobal aerach?

Scott de Buitléir

Scott de Buitléir

Ba cheart go mbeadh sé ann sa Phoblacht faoi 2015, agus glacfaidh sé bliain nó dhó eile sula dtiocfaidh sé isteach sa Tuaisceart.

Tá pósadh aerach ann cheana féin san Ísiltír, Críoch Lochlainn, sa Phortaingéil, sa Spáinn agus sa Bheilg, agus beidh sé in Éirinn timpeall an ama chéanna is a bheidh sé sa Fhrainc agus sa Bhreatain. Tá Éire i lár gluaiseachta domhanda; níl ann anois sílim ach ceist ama bhig.

Deir daoine atá i gcoinne phósadh aerach go mbeidh éilimh nua ann ón phobal aerach má thugtar cead do dhaoine aeracha pósadh – cad é do bharúil air sin?

Ar shlí, tá an ceart acu, ach tá drochmheas i gceist acu leis an tuairim sin. Tá míchothromas fós ann maidir le daoine trasinscneacha, agus tá sé fós thar a bheith deacair do dhaoine trasinscneacha maireachtáil in Éirinn faoi láthair toisc cúrsaí dlí agus mar sin de. An t-aon sprioc atá ag an bpobal LADT ná le bheith ar aonchéim le daoine eile sa tír seo. Agus sin bainte amach acu, sin deireadh na gluaiseachta.

An bhfuil todhchaí ag an Ghaeilge dar leat?

Gan dabht ar bith, is teanga thar a bheith sláintiúil í an Ghaeilge dar liom. Tá glúin óg de chainteoirí Gaeilge ann a úsáideann an teanga gan aon stró, gan bheith buartha faoi mheath nó bhás na teanga – agus sin an meon ceart ina leith.

Tá memes, amhráin, ceolchoirmeacha agus eile ar siúl don bpobal teanga, agus cé gur mionteanga atá inti, is mionteanga thar a bheith beomhar í go fóill. Is cinnte go bhfuil deacrachtaí fós ag múineadh na teanga, ach tá dóchas agam go n-athrófar sin sara bhfad. 

Posted in: Beatha