Bainistíocht úr ar Chaifé na Cultúrlainne

Posted on Aibreán 19, 2013 le

0



Tá bainistíocht úr i bhfeighil ar chaifé na Cultúrlainne i mBéal Feirste Thiar.

“Tá tús le ré nua ó thaobh lónadóireachta de inniu ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus athrú bainistíochta sa Chaifé. Guíonn Coiste agus foireann na Cultúrlainne gach rath ar Chaifé Feirste amach anseo,” a deir ráiteas ón Chultúrlann ar leathanach Facebook s’acu inné.

Ionad Cultúrtha Gaeilge í an Chultúrlann, bunaithe i 1991.

Tá an Chultúrlann suite i seaneaglais Phreispitéireach ar Bhóthar na bhFál.

Posted in: Nuacht